AN CORRMHÍOL: RÉAMHRÁ
le Fearghas MacFhionnlaigh
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—
1. DÚCHAS SCOILTE:
Magh Leamhna agus Ceanada
“‘Ní fearann focal é seo feasta,’ ar seisean, ‘ach fearann feidhme agus claímh agus gnímh.’ ‘Agus an scoil?’ ‘Scaoilfear é sin. Tá an bhoth uaim le haghaidh ba.’” (‘An Fear Dána’ ag Alan Titley, An Clóchomhar Tta, 1993).Ní cuimhin liom anois go díreach cén focal a bhí ann. Ba bhotún é ar aon nós, de réir dealraimh. Bhí mé sé bliana déag d’aois. 1965, sílim. Rang Béarla Ardscoil Magh Leamhna. Tá an gnáthinstitiúid cuimsitheach seo (atógtha anois tar éis tine thubaisteach) suite i gceantar taobh theas de Loch Laomainn, 20 km lastuaidh de Ghlaschú, sách cóngarach do Dhún Breatainn (Ail Clut – “Creag Chluaidh”, Annála Uladh).
Bhí an file cáiliúil Muireadhach Albannach Ó Dálaigh ina chónaí i Magh Leamhna i rith an tríú haois déag:
“Ba é sin an chéad uair ar casadh orm Alún ardfhola, Mórmhaor Leamhna.[...] D’fhiafraigh Alún díom an ann nár chuaigh aon duine chun na hAlban dá dheoin féin ach gurb éigean iad a dhíbirt ann mo dhála féin agus Coirc.” (‘An Fear Dána’ ag Alan Titley, An Clóchomhar Tta, 1993).Leabhar dar teideal ‘Bho Chluaidh gu Calasraid/ From the Clyde to Callander: Gaelic Songs, Poetry, Tales and Traditions of the Lennox and Menteith’ (Acair 1999; Grimsay Press 2010) leis an Mheiriceánach Micheal Newton a dhírigh m’aird ar dhán Mhuireadhach Albannach i dtús báire. Níor luaigh an scoil an Ghàidhlig in aon chor le mo linnse. Agus d’fhoghlaim mé rud éigin eile as leabhar Newton a chuir fíorionadh orm. I lár na Fichiú hAoise féin a d’éag cainteoir dúchais deireanach na Gàidhlige cois Loch Laomainn. Rugadh mé féin i Magh Leamhna ag an am céanna sin, in 1948. Ar bhealach, nach i bhfoisceacht bioráin a tháinig mé a bheith ábalta greim a fháil ar an lóchrann a thit as lámh an Ghaeil uasail úd? Pé scéal é, thosaigh mé an teanga a fhoghlaim as mo stuaim féin nuair a bhí mé 16 bliana d’aois nó mar sin. D’úsáid mé seanchóip stróicthe de ghraiméar Mhic Labhrainn a tháinig mé air, aisteach go leor, sa bhaile. Oidhreacht a d’fhág seanathair (níor bhuail mé leis) is dóigh liom. Agus Bíobla. Agus cúrsa teanga ar cheirníní as Alba Nua. Dá réir sin bhí blas Ceanadach ar an chéad Ghàidhlig a chuala mé. Bhí sin oiriúnach go leor ar shlí, ó tharla gur chaith mé seacht mbliana in Otntario nuair a bhí mé i mo ghasúr óg (ach sean go leor a bheith ag scoilteadh crompán céadrais le tua dhá láimh).
Tá Uisge Leamhain ag rith go tapa tríd an dúiche, ceithre nó cúig chiliméadar ar fad idir Bealach Loch Laomainn agus Dún Breatainn ar an gCluaidh. Chum Muireadhach Albannach dán faoin abhainn. Seo é sliocht as, agus é ag insint dúinn bunús ainm an tsrutha bhrais dhomhain, más fíor:
“Lá do laithibh do Leamhain,
Máthair Maine mhéirleabhuir,
Caoga inghean fa bán bonn
Ag snámh inbhear na habhann.
Báidhtior ar bhruach an chlaidhLeamhain inghean FheardhaigBaisdior Leamhain ort dá éisMeabhair nach olc re fhaisnéis.”
Sna déaga agam shnámh mé féin go minic i mbéal na habhann seo, agus in aice an chalaidh. Chonaic mé neart snámhóirí, ach is oth liom a rá nár fhaca mé “caoga inghean fa bán bonn”.
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—
1. DÚCHAS SCOILTE:
Magh Leamhna agus Ceanada
2. INTINN SCOILTE:
3. SCOTIA SCOILTE:
4. AN TSEAN-GHRÉIG SCOILTE:
5. HOLLYWOOD SCOILTE:
6. OLLSMACHTACHAS SCOILTE:
7. CRITICÍ SCOILTE:
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—
An Corrmhíol
Simon Ó Faoláin
(Réamhrá úr Gaeilge le Fearghas MacFhionnlaigh)
(Réamhrá úr Gaeilge le Fearghas MacFhionnlaigh)
Lth/Pgs 94
ISBN 6660012180325
COISCÉIM 2018
LITRÍOCHT €7.50
__________________
Aistriúchán go Gaeilge den dán
A’ Mheanbhchuileag
le Fearghas MacFhionnlaigh (1980)
(Tá an leagan Gaeilge móide an leagan Gàidhlige sa leabhar seo)
___________________
(Tá an leagan Gaeilge móide an leagan Gàidhlige sa leabhar seo)
___________________
English online HERE
_____________________