jeudi, juin 24, 2021

An Corrmhíol / A’ Mheanbhchuileag | RÉAMHRÁ: 5. HOLLYWOOD SCOILTE: Sárlaoich agus Zombaithe

AN CORRMHÍOL:
RÉAMHRÁ
le Fearghas MacFhionnlaigh
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—
5. HOLLYWOOD SCOILTE: 
Sárlaoich agus Zombaithe

Sílim féin go bhfuil an déscaradh clasaiceach idir foirm agus ábhar follasach go leor fós i gcuid dár scannáin chomhaimseartha, mar shampla i seánra sárlaoich Hollywood (Hulé-fhiodh?). Sábháiltear an domhan arís agus arís eile le “ciall agus cruth” na “fórsaí cultúrtha diagaithe” (dea-chumtha agus dealraitheach gach uile dhuine acu) atá ina gcónaí ar Shliabh Oilimpeas fantaisíochta Mheiriceá. Ar an lámh eile, i seánra scannáin zombaí, is ríléir “éigiall agus éagruth” (“anangkè scáfar gan trua”). Rud atá suimiúil faoi seo. Ní bheidh na zombaithe mioscaiseacha gan chiall siúd ag éirí ó na mairbh ach chun scrios agus rírá a dhéanamh. Beidh Fionn lách ag éirí as an talamh chun sábháil a dhéanamh, agus eagar a chur ar mhí-eagar:
Meas tú go ndúiseoidh Fionn uasal ’nár measc
a chaithfidh uaidh na beanna ar nós blaincéad;
a thógfaidh cuing Adhaimh is a threabhfaidh clais úr
mar chrith talún os ár gcionn
ag séideadh adharc ár n-aiséirí go cathréimeach?  
(‘An Corrmhíol’, aistrithe le Simon Ó Faoláin)
Ach tarraingíonn sé seo ceisteanna eile aníos. Cruacheisteanna lárnacha mar gheall ar fhéiniúlacht phearsanta, chultúrtha, náisiúnta agus polaitiúil. Mar shampla, dá mba rud é “go ndúiseoidh Fionn...ag séideadh adharc ár n-aiséirí” i ndáiríre, cá mbeadh sin dár bhfágáil maidir le saoirse phearsanta? Cé a bheadh i gceannas ar cé? Is díol spéise é go bhfuil rian an fhaisisteachais á bplé go minic le brath ar scannáin na sárlaoich — Batman, Ironman, Captain America srl. An féidir le daonlathas a shábháil i ndáiríre le forlámhas, cé go bhfuil sé den chineál dea-mhéiniúil (más fíor)? 

Tá sé ríthábhachtach tuiscint a bheith againn go bhfeiceann Dooyeweerd bundheighilt stairiúil freisin taobh istigh an Daonnachais chomhaimseartha; féin-scoilt “saoirse/nadúir”. Is é sin, bunaighneas nó polarú idir “saoirse na pearsantachta daonna” agus “dlíthe meicníocha an dúlra”:
“Murab ionann is na smaointeoirí Gréagacha agus scolaíocha, ní eascraíonn dialachtaic inmheánach bonnspreagthach an Daonnachais as coinbhleacht idir dhá reiligiún dhifriúil. Luíonn bunrúta a charachtar dialachtaiciúil i ndébhríocht dinimic-saoirse an Daonnachais féin. Bunúdar le reiligiún pearsantacht dhaonna an lae inniu is é an dinimic úd. Agus gáireann sí aníos as a cuid doimhneachtaí féin an t-inspreagadh le haghaidh forlámhais a fháil ar an nádúr. Agus dá réir sin éiríonn reiligiún d’eolaíocht oibiachtúil uathrialaitheach a fhágann an saorphearsantacht ar lár.” 
(Herman Dooyeweerd, A New Critique of Theoretical Thought, Paideia Press, 1984, Vol 1, lch. 190)
Dála an scéil, chun an pointe a léiriú beagán, is fiú scannáin chlúiteacha chibearphuncacha a lua, cuir i gcás Bladerunner, Terminator, Matrix, agus araile, mar a bhfuil daoine cróga (saoirse phearsanta) i gcogadh in éadan róbat (meicnic uathrialaitheach). Is spéisiúil freisin an chodarsnacht idir scannáin fhaisnéise David Attenbourgh (eolaíocht oibiachtúil uathrialaitheach) agus scannáin aicsin Quentin Tarantino (saorphearsantacht shuibiachtúil). Tá an dara duine ag cur beagnach gach insint (nó “meitireacaireacht”) faoi cheist — “Níl Scéal Mór ann”, port an iar-nua-aoiseachais. Ach in ainneoin na haicsíme (féinbhréagnaithí) seo, is sárscéalaí paraidím (Scéal Mór) ár sibhialtacht é David Attenborough gan aon dabht.

Dá bharr sin, tá an déachas Gréagach tar éis éirí os ár gcomhair i riocht nua. Ach fós féin is é an bhuncheist a bhfuil dlíthe os ár gcionn (agus os cionn staire) nó nach bhfuil? B’fhéidir go bhfuil comhaontú inár measc go bhfuil dlíthe buana for-stairiúla ann i dtaca le matamaitic agus le fisic. Ach cad, abair, faoi normatacht mhorálta, shocheolaíoch, nó pholaitiúil?

Agus cás eisceachtúil na tíorántachta curtha i leataobh, caithfimid uile ar ndóigh dul i ngleic le gnáthrogha idir polaitíocht fhrithghníomhach agus polaitíocht fhorásach. Ach cad iad na critéir? Cad é an difríocht idir cultúr cúlchéimnitheach agus cultúr dearfach? Cad as, nó cé as, atá noirm sochaí na linne ag éirí? An bhfuil a leithéid de rud ann agus traidisiún forásach? Nó domhandú cúlchéimnitheach? Scríobh mé cuid den aiste seo ar an traein idir Helsinki san Fhionlainn agus Cathair Pheadair sa Rúis. Ar Nevskiy Prospekt, príomhshráid Chathair Pheadair, chonaic mé bialann McDonalds le póstaer mór san fhuinneog ag rá “фиш & ципс” (“Fish & Chips” – na focail Bhéarla scríofa san aibítir Choireallach). Ach, arís, cén baile mór ar an bpláinéad atá gan “Irish Pub”? An bhfuil ár bhféiniúlacht phearsanta níos doimhne ná cultúr? Níos doimhne ná teanga? Steall chruacheisteanna atá fiú níos dushlánaí na laethanta seo de bharr tionchar domhandú gan srian, ná nuair a fhoilsíodh ‘A’ Mheanbhchuileag’ siar in 1980.
Cogadh Z agus na h-Os-laoich
(Cf Herman Dooyeweerd air an sgaradh-smaoine "cruth is stuth" Heilleanach) 
Teichibh! Tha na zombaidhean a’ tighinn!
Tha Sràid Bhothchanan a' cur thairis leotha!
Chan e slaodach bacach a tha iad nas motha
ach air chuthach mar ionnsaigh-catha!

Nas cuthachaile buileach na Blàr Chùil Lodair.
No Bragàd Aotrom craicte ud Gleann a’ Bhàis.
No clàbar fuilteach ifrinneach Somme is Ypres.
Siud zombaidhean a' lìonadh Ceàrn Sheòrais an-dràst!

Tha fradharc aca ged a bhios iad dall!
Tha fadachd orra gus an ith iad ar feòil!
Às a' Ghreug iad a-rèir coltais o chionn linn nan con,
slighe Ameireagaidh chugainn, tha am fathann a' dol.

Ach fuirichibh mionaid! Dè tha sin os ar cionn!
Siod Spiderman a’ leum bho stìopall an Tron!
Agus Batman agus Ironman agus Superman fhèin!
Diathan Olumpas Ameireagaidh gus ar sàbhaladh bho chron!

An e corra-shùgain air balla a th' anns ar cuid smuain,
nar suidhe, a-rèir Phleuto, cuibhrichte nar n-uaimh?
Ar cùlaibh ris an doras, fo gheasaibh ar mùbhaidh. 
Ach an dùisg solais àrda sinn aig deireadh na cùise?

Fearghas MacFhionnlaigh (2013)

—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—
1. DÚCHAS SCOILTE: 

2. INTINN SCOILTE: 

3. SCOTIA SCOILTE: 

4. AN TSEAN-GHRÉIG SCOILTE: 

5. HOLLYWOOD SCOILTE: 
Sárlaoich agus Zombaithe

6. OLLSMACHTACHAS SCOILTE: 

7. CRITICÍ SCOILTE: 
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—

An Corrmhíol
Simon Ó Faoláin
(Réamhrá úr Gaeilge le Fearghas MacFhionnlaigh)
Lth/Pgs 94 
ISBN 6660012180325
COISCÉIM 2018     
LITRÍOCHT €7.50
__________________
Aistriúchán go Gaeilge den dán
A’ Mheanbhchuileag 
le Fearghas MacFhionnlaigh (1980)
(Tá an leagan Gaeilge móide an leagan Gàidhlige sa leabhar seo)
___________________
Freisin:
Gàidhlig air loidhne AN SEO
English online HERE
_____________________