lundi, juin 21, 2021

An Corrmhíol / A’ Mheanbhchuileag | RÉAMHRÁ: 2. INTINN SCOILTE: Suibhne agus an Xileafealsamh

AN CORRMHÍOL: RÉAMHRÁ
le Fearghas MacFhionnlaigh
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—
2. INTINN SCOILTE: 
Suibhne agus an Xileafealsamh
“Is coill an domhan,
is craobh í Albain,
táimse im’ dhuilleog
thirim.” 
 
(‘An Corrmhíol’ - aistrithe le Simon Ó Faoláin)
Níl sé ach achar gearr as béal na habhann go lamairne bád cúrsála ‘Sweeney’s Cruises’ in aice le droichead sráidbhaile gnóthach an Bhealaigh. Níl ann ach comhtharlú glan maidir leis na sloinnte, ach ar ndóigh bhí an Suibhneach gealtach féin ina thúrasóir luath sa limistéar tíre seo. Tháinig an file Rody Gorman ar an áit cheannann chéanna i mbéal na séibe, le linn dó bheith ag obair ar athleagan saor den dán ‘Buile Suibhne’
Dhá Shoitheach  
Suibhne ’s an ceithearnach cleitearnach
MacSuain ar loingeas faoi seach
Ag iomradh luinge gun liagh
Thar chraos farsaing neòil nèimh
Thar Beanna Boirche gu Cinn Tíre
’S adhbha faoileán Charraig Alasdair
Gu ruige crìochan Dhùn Breatainn
Is ina dhiaidh sin aniar Íle
Sìos a dh’Uaimh Dhonnain Eige
Thall anns na h-Eileanan Tarsainn,
Dhá shoitheach a’ sgiathalaich sa spéir
Thar slighe-siubhail càch-a-chéile.  
(UNSTABLE NARRATOR ENGLISH:)
Two Caskvesselbodies
 
Sweeney and the plumefeatherhoverfluttering boorstrong- woodkerneoutlawpawn MacSween in an Aer Lingus LearJet navalexpedition-exileband in confusionturn famerowing a ship without a ladleblade across the wide mawgullet of the nebulous heavens over the Mourne Mountains to Kintyre and the seagull colony on Ailsa Craig until they reach Dumbarton and backwest after that Islay down to Donnan’s cave in Eigg, two caskvesseloutlawinlawbodies wingfluttering in the brighthallucinationskysphere across each other’s flight path. 
(‘SUIBHNE: an intertongueing’, Rody Gorman).
Leamhán. De réir dealraimh is gnáthspeiceas crann, seachas bean bhocht bháite, atá mar bhunfhréamh an ainm. Agus ar deireadh thiar thall, is ar Fear Coille (gan chiall, más fíor) a bhuail Suibhne san áit:
“A Fhir Chaille, cidh dotharraidh?
truagh do ghuth,
abair damh-sa cidh rodmannair
céill nó cruth.”

(Buile Suibhne, para 47, 1504-1507
Ciall agus cruth. éigiall agus éagruth. “Earráid in intinn fhealsaimh” (An Corrmhíol). Seo ceist shaoithiúil. An raibh déscaradh ársa Heilléanaíoch faoi thrácht i mBuile Suibhne (“Dhá rígh robhádar ag imchosnamh im ríghe na críche”)? Déscaradh Nua-Phlatónach idir, ar lámh amháin, “morphē/ nous/logos” (cruth, foirm, intleacht, focal, diagacht) agus, ar an lámh eile, “hulé/xulé” (damhna, ábhar, corp, fisiciúlacht)? An cineál de xileafónaí scitsifréineach é an Fear Coille, ag bualadh tobchumadh de chomhcheol pearsanta ar stoic athshondach seanchoille na Magh Leamhna, le tionlacan cheiliúr spreagúil na n-éan? Xileafealsamh é, b’fhéidir, ag streachailt leis an gcontrárthacht doréitithe díchordach úd a fuair an ceann is fearr ar Platón agus Arastótail? Agus (an ag rámhaille atá mé?) nach inspéise go cinnte é na cosúlachtaí atá idir na focail “hulé/xulé” agus “coille”?:
ΎΛΗ, η ύλη [hULE, hulé]: wood, a wood, forest, woodland, freq. in Homer., etc. But not only of a real wood, trees; but also of copse, undergrowth. II. wood cut down, timber, firewood, fuel. III. Like Latin materia, the stuff or matter of which a thing is made; the raw unwrought material, whether wood or stone, metal etc; the matter treated of, subject-matter. In chemical sign. a simple substance, base. Matter as a principle of being, first in Aristotle, and in later writers, usually as opp. to the intelligent principle (νους, nous). The aspirate becomes s in Latin: sylva: prob. akin to ξύλον, xylon. (‘A Greek-English Lexicon’ by Henry George Liddle and Robert Scott, oxford University Press, 1849).
Agus is é an cheist (i mo cheann 
luaineach féin ar aon chaoi) ná, an bhfuil nasc ársa ann idir fiodh…
fid, gwydd, Gwyddel, Goídel, Gàidheal. Caledonian, Cailleann, coill
agus scoilt? —
qel, qlâ  [= scoilt], *kladimo, gladius, cleddyf, claideb, claidheamh, claíomh, glaive, Calgacus, calg, colg, [“Bhí colg nimheach/céadach air”]
agus éigiall? — 
Wood (adj.): “violently insane” (now obsolete), from old English wod “mad, frenzied,” from Proto-Germanic *woda- (source also of Gothic woþs “possessed, mad,” old High German wuot “mad, madness,” German wut “rage, fury”), from PIE *wet- (1) “to blow; inspire, spiritually arouse;” source of Latin vates “seer, poet,” old Irish faith “poet;” “with a common element of mental excitement” [Buck]. Compare old English woþ “sound, melody, song,” old Norse oðr “poetry,” and the god-name Odin. (Also: “Out of the woods” = “safe”) (Online Etymological Dictionary
Fit [fid/fiodh/fáidh??]: "paroxysm, sudden attack" (as of anger), 1540s, probably via Middle English sense of "painful, exciting experience" (early 14c.), from Old English fitt "conflict, struggle," which is of uncertain origin, with no clear cognates outside English. (Online Etymological Dictionary)
Agus, is fánach an seans é, ach céard faoi : 
Hooley [ΎΛΗ??]: Irish slang for party or celebration; by extension, some substance with which you party or celebrate. (Urban Dictionary online)
Bhain Suibhne agus am Fear Coille d’adhmad (materia) chun an t-olc a chur ón doras. Chuaigh an “nous” acu amú agus a bhfolach sa “xulé” (sa choill). San “Corrmhíol”, tá Albain (i riocht aonbheannaigh bháin) “ar seachrán i gcoill mhór, is a slabhra dulta in achrann i bhfréamh dharach”.
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—
1. DÚCHAS SCOILTE: 

2. INTINN SCOILTE: 
Suibhne agus an Xileafealsamh

3. SCOTIA SCOILTE: 

4. AN TSEAN-GHRÉIG SCOILTE: 

5. HOLLYWOOD SCOILTE: 

6. OLLSMACHTACHAS SCOILTE: 

7. CRITICÍ SCOILTE: 
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—

An Corrmhíol
Simon Ó Faoláin
(Réamhrá úr Gaeilge le Fearghas MacFhionnlaigh)
Lth/Pgs 94 
ISBN 6660012180325
COISCÉIM 2018     
LITRÍOCHT €7.50
__________________
Aistriúchán go Gaeilge den dán
A’ Mheanbhchuileag 
le Fearghas MacFhionnlaigh (1980)
(Tá an leagan Gaeilge móide an leagan Gàidhlige sa leabhar seo)
___________________
Freisin:
Gàidhlig air loidhne AN SEO
English online HERE
_____________________