AN CORRMHÍOL: RÉAMHRÁ
le Fearghas MacFhionnlaigh
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—
7. CRITICÍ SCOILTE:
Daonnachas agus Críostaíocht
Thug an tOllamh Ruaraidh MacThòmais nach maireann tacaíocht mhórchroíoch dom faoi mo chuid iarrachtaí ciotacha scríbhneoireachta i nGàidhlig. Mar eagarthóir an iris liteartha Gairm, ba ea eisean a d’fhoilsigh ar dtús, san iris chéanna úd (Mí na Nollag 1980), ‘A’ Mheanbhchuileag’, agus thug sé misneach dom leanúint orm le filíocht. Dhiúltaigh sé, mar sin féin, do ‘Bhogha-frois san Oidhche’ a fhoilsiú (c 1993). Sílim go raibh an iomarca “reiligiúin” ann dó. Nílim cinnte. Ní hé go mbeinnse ag iarraidh Ruaraidh cóir a cháineadh in aon chor. Tá neart den dán cosúil le prós lom briste freisin. Saghas leabhar gearrthóg nó dialann é. Víreas ar inchinn mo mhic Ciarán. Pairilis iomlán air. A chiall faoi bhagairt mhór. Suibhne caillte i gcoill dhorcha mé. Tá Ciarán ag déanamh go maith anois, buíochas le Dia. Bhí a lá breithe aige inné, é in aois a triocha cúig.
Cuireadh an leabhar sin amach sa bhliain 1994 le Jock Stein ag Handsel Press, foilsitheoir Críostaí. Ar deireadh thiar, mhol Ronald Black (Oilthigh Dhùn Èidinn) go gnaíúil an iarracht mar “our outstanding long poem of the 1990s” (“Twentieth Century Scottish Gaelic Poetry”, “Celtic Literatures in the Twentieth Century”, Ed. by Séamas Mac Mathúna and Ailbhe Ó Corráin, 2007).
B’fhéidir gur cheart dom a chur lena sin go sciobtha go ndúirt Black maidir leis ‘A’ Mheanbhchuileag’: “There is meat and music in it (unfortunately not always at the same time)” (An Tuil: Anthology of 20th Century Scottish Gaelic Verse, Ed. by Ronald Black, Polygon, Edinburgh, 1999).
Ba mhaith liom a rá mar an gcéanna go bhfuil mé thar a bheith buíoch de Rody Gorman, a thug uchtach dom go mór ar na saolta deireanacha na ról an-tábhachtach mar eagarthóir é féin. Gan an spreagadh sin a fháil uaidh, seans go rabhas chun titim i mo thost.
Agus ar ndóigh anois, ardú meanman mór nach raibh mé ag súil leis, an t-aistriúchán den scoth seo le Simon Ó Faoláin ar an ‘Mheanbhchuileag’ don Ghaeilge (‘An Corrmhíol’). Tá mé thar a bheith buíoch de ar a shon sin. Bail ó Dhia air.
Molann Iain Mac a’ Ghobhainn nach maireann an tsraith fhada úd sa ‘Mheanbhchuileag’ mar a bhfuil Adhamh go mór faoi chaibidil. Thug sé faoi deara nár léirigh an t-údar (mise) a leithéid d’fhuinneamh leanúnach i ndán ar bith eile. Chuir Mac a’ Ghobhainn in iúl a dhíomá maidir le deireadh Críostaí an dáin. Daonnaí a bhí ann féin:
“As I have said, the poet shows much power and aggression in local detail but the ending of the poem is not so satisfactory, looking forward to a religious Messiah as saviour of the universe.” (Iain Crichton Smith, ‘Recent Gaelic Poetry’, Scottish Language No 8, Winter 1989, Association of Scottish Literary Studies).Mar fhreagra, tagann chun cuimhne an sliocht seo as aiste le Ríona Ní Churtáin faoi réamhrá Eireaball Spideoige le Seán Ó Ríordáin:
“‘Bhfuil síoraíocht ann mar deir na naoimh’ [...] Cé gur féidir linn coincheapa áirithe an Ríordánaigh ón réamhrá a nascadh le coincheapa Phlatóin, Hopkins, agus Dante, ní mór dúinn a aithint gurb iad coincheapa na Críostaíochta na coincheapa is cosúla le coincheapa seo an Ríordánaigh: bíonn anamacha ag daoine, maireann an corp agus an t-anam i ndiaidh an bháis, agus glactar leis go bhfuil Ifreann ann. Tá sé tábhachtach go nglacann an Ríordánach leis an aiséirí, mar is príomhphointe é sin a scarann coincheapa Phlatóin ó eascaiteolaíocht thraidisiúnta na Críostaíochta: creideann Platón i neamhbhásmhaireacht an anama, faoi mar a mhíníomar cheana féin, ach de réir theagasc traidisiúnta na Críostaíochta, aiséireofar an corp agus an t-anam araon i ndiaidh an bháis.” (‘Tar Éis a Bháis: Fealsúnacht an Bháis i Réamhrá Eireaball Spideoige’ le Ríona Ní Churtáin, Meanmanra: An tSíceolaíocht agus an Fhealsúnacht, Cnuasach aistí ó chomhdháil na bliana 2015. Seaghan Mac an tSionnaigh agus Oisín Uíbh Eachach a chuir in eagar, Coiscéim, 2016, lch. 12)Agus go deimhin an sliocht seo as aiste le Máire Ní Annracháin:
“Braitheann brí na teanga siombalaí, dá bhrí sin, ní hamháin ar an teicníocht ach ar an gcód cultúrtha chomh maith. Cuir i gcás gur sochaí aindiaga a bhí ann nuair a cumadh an líne ar tagraíodh di ag tús an phaipéir seo, ‘túis ainglidhe a hanál’. Nó samhlaigh an dán á léamh i sochaí iardhiaga na céadta bliain tar éis a chumtha. Sa chás sin, d’fhéadfaí tagairtí do thuiscintí agus do chleachtais na Críostaíochta a léamh mar bhagairt, nó mar mhacallaí pisreogacha seanfhaiseanta. Bheadh an chosúlacht slán i gcónaí, ach bheadh brí cháinteach seachas mholtach an meafar. Ar an gcaoi sin, is féidir linn a aithint gur fánach bheith ag súil le brí dhaingean shocair ag dán, mura bhfuilimid sásta dul i muinín an fhile féin mar bharántas ar an mbrí, agus ar ndóigh is míshocair, do-mhínithe, éalaitheach an rud é sin féin.” (Máire Ní Annracháin: An Teanga Fhíortha, Téacs agus Comhthéacs: Gnéithe de Chritic na Gaeilge, Curtha in eagar ag Máire Ní Annracháin agus Bríona Nic Dhiarmada, Cló ollscoile Chorcaí, 1998, leath. 51,52).Bhí a fios agam nuair a scríobh mé clabhsúr Críostaí don dán siar in 1980 go raibh sé as alt go hiomlán le gnáth-thuairim aos liteartha na linne. Ní raibh an dara rogha agam ach an fód a sheasamh, áfach, go ciotach nó go lúfar.
“Ar maidin iomorro d’ardaigh sé a cheann. Thug sé a lámh thar a aghaidh agus d’fhéach sé an fhoraois álainn iontach. Ba é an t-am den lá a bhí ann béal na maidine niamhraí. Bhí intinn mheanmnach aige agus dóchas maith. Thionscain sé for éirí. Treascraíodh dochum talún é .i. thit sé. Níor chuir sé i mbrí an méid sin agus thionscain for éirí arís. Treascraíodh dochum talún arís é. Ba náir leis sin. Thionscain for éirí an tríú huair. D’éirigh. Sheas. Ach go hantráthach bhí urlár na coille breac le bacanna, le lomáin, le cearchaillí leathcheilte, is le buinneáin coill. Coiscéim dar thóg sé bascadh a throigh agus leagadh dochum talún arís é. Do gháir agus do ghréach sé.” (Liam Mac Cóil , An Choill, Leabhar Breac, 2016)Bhíodh seasamh aindiachaí gach pioc chomh aicsímeach, réamhleaganach, le seasamh Críostaí, ar ndóigh. Is domhain an rud í an bheatha. Níos doimhne ná filíocht. Níos doimhne ná fealsúnacht:
“At this point, many a reader who has taken the trouble to follow our argument will perhaps turn away annoyed. He will ask: Must epistemology end in a Christian sermon or in a dogmatic statement? I can only answer by means of the question as to whether the dogmatic statement with which the supposed autonomous epistemology opens, viz. the proclamation of the self-sufficiency of the human cognitive functions, has a better claim to our confidence as far as epistemology is concerned. Our philosophy makes bold to accept the ‘stumbling block of the cross of Christ’ as the corner stone of epistemology. And thus it also accepts the cross of scandal, neglect and dogmatic rejection.” (Herman Dooyeweerd, ‘A New Critique of Theoretical Thought’ Vol II, Paideia Press,1984, pp. 561-563)
[“Bij dit punt aangekomen, zal misschien menig lezer, die tot nu toe de moeite heeft genomen, ons betoog te volgen, zich geërgerd afwenden en vragen, of de kennistheorie dan in een Christelijke prediking of in een dogmatische machtsspreuk moet eindigen. Ik kan zulk een lezer slechts de tegenvraag stellen of de dogmatische machtsspreuk, waarmede de afvallige kennistheorie begint, nl. de verklaring van de zelfgenoegzaamheid der menschelijke kennisfuncties op het gebied der theoretische kennis, meer vertrouwenwekkend is! Onze philosophie waagt het ‘de ergernis van het Kruis van Christus’ als hoeksteen ook der kennistheorie te aanvaarden. En ze aanvaardt daarmede ook het kruis van den aanstoot, van de miskenning en de dogmatische verwerping.”(De wisbegeerte der wetsidee, Boek 2 p494)”]
Anois, agus é [Iohannes Scottus Eriugena] ag plé le Teacht Amach na cruthaíochta, dearbhaíonn sé seanról Bhriathar Dé a bhí fós beo i gCríostaíocht an oirthir, mar chaomhnóir agus rialtóir na cruthaíochta go léir. Inniu féin, tá Íosa Críost Rialtóir an Uile Ní, ‘Iésous Christos o Pantokratór’ ar na híomhánna is mó a scarann thoir agus thiar na Críostaíochta. [...] Is beag glacadh a bhí riamh leis an íomhá chosmach seo d’Íosa san iarthar. De réir mar a d’imigh an Chríostaíocht siar, leagadh béim níos mó ar dhaonnacht Íosa agus cailleadh an coincheap de Bhriathar Dé mar fhórsa leanúnach a choinníonn rudaí mar atá. D’fhan na foirmlí focal – mar atá siad i dtús shoiscéal Naomh Eóin, abair – ach is léamh lag, meafarach a bhí á dhéanamh orthu de réir a chéile. I scríbhinní Iohannes, áfach, is ionann Briathar Dé agus Cúis an Uile Ní.” (‘Iohannes Ó Éirinn agus Máistrí na Gréige: Léamh ar Shaothar Iohannes Scottus Eriugena’ le hEoghan Mac Aogáin, Coiscéim, 2009, leath.181)
Maidir le sárfhilíocht Mhic a’ Ghobhainn féin, seo an líne is mó atá fanta im’ intinn:
“There is no metaphor. The stone is stony.”
(‘Deer on the High Hills’, Penguin Modern Poets 21, 1972)
Nuair a bhuail mé le Máire Ní Annracháin in Éirinn sna nóchaidí ní ceist faoi litríocht a chuir sí orm i dtosach báire idir ach ceist faoi shláinte mo mhic. Ceist gan mheafar a dhúisigh cion thar mheafar. Ionchollú.
Fearghas MacFhionnlaigh, Inbhir Nis, Albain, 28 Meán Fómhair 2017.
Fearghas MacFhionnlaigh, Inbhir Nis, Albain, 28 Meán Fómhair 2017.
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—
1. DÚCHAS SCOILTE:
2. INTINN SCOILTE:
3. SCOTIA SCOILTE:
4. AN TSEAN-GHRÉIG SCOILTE:
5. HOLLYWOOD SCOILTE:
6. OLLSMACHTACHAS SCOILTE:
7. CRITICÍ SCOILTE:
Daonnachas agus an Chríostaíocht
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—
An Corrmhíol
Simon Ó Faoláin
(Réamhrá úr Gaeilge le Fearghas MacFhionnlaigh)
(Réamhrá úr Gaeilge le Fearghas MacFhionnlaigh)
Lth/Pgs 94
ISBN 6660012180325
COISCÉIM 2018
LITRÍOCHT €7.50
__________________
Aistriúchán go Gaeilge den dán
A’ Mheanbhchuileag
le Fearghas MacFhionnlaigh (1980)
(Tá an leagan Gaeilge móide an leagan Gàidhlige sa leabhar seo)
___________________
(Tá an leagan Gaeilge móide an leagan Gàidhlige sa leabhar seo)
___________________
English online HERE
_____________________