vendredi, juin 25, 2021

An Corrmhíol / A’ Mheanbhchuileag | RÉAMHRÁ: 6. OLLSMACHTACHAS SCOILTE: Naitsíochas agus Cumannachas

AN CORRMHÍOL: RÉAMHRÁ
le Fearghas MacFhionnlaigh
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—
6. OLLSMACHTACHAS SCOILTE: 
Naitsíochas agus Cumannachas

Ach cad faoi thíorántacht fiánta lom, más ea? Bhí Herman Dooyeweerd beo san Ísiltír le linn réimeas na Naitsithe. Tar éis an Chogaidh chuir sé roimhe imscrúdú iomlán a dhéanamh ar bhunús fealsúnachta an Naitsíochais. Cuid thábhachtach d’idé-eolaíocht an fhorchiníochais seo, dar le Dooyeweerd, tionchar “staireachais” ar smaointeoireacht na hEorpa. Bhí Naitsíochas, ina ollsmachtachas, beag beann ar dlí ar bith – idirnáisiúnta, diaga, nó morálta – os cionn a údaráis féin. Níor lean sé ach aon dlí amháin: “Cinniúint muintir na Gearmáine” [“Schicksal des deutschen Volkes”]:
“We have witnessed the unspeakably bloody and reactionary regime of nazism, the degenerate spiritual offspring of modern historicism. Totalitarian “racial” [volkse] ideals, inspired by the myth of “blood and soil,” reverted western culture to the dark night of the pagan nature religions. Moreover, these totalitarian ideals were backed by the military power of a mighty modern state. [...] Science and art, child rearing and education, industry and technology, labour organizations and philanthropy – all were made subservient. [...] Following the example of the mathematical and natural sciences, earlier humanistic theory had always searched for the universally valid laws that control reality. It constructed an “eternal order of natural law”out of the “rational nature of humankind.”This order was totally independent of historical development, and was valid for every nation at all times and in all places. [...] But as a result of the polarity of its religious ground-motive, humanism veered to the other extreme after the French Revolution. Rationalistic humanism (in its view of mathematics and modern natural science) turned into irrationalistic humanism, which rejected all universally valid laws and order. It elevated individual potential to the status of law. [...] When the Historical School attempted to understand the entire culture, language, art, jurisprudence, and the economic and social orders in terms of the historical development of an individual national spirit, it elevated the national character to the status of the origin of all order. [...] Historicism robs us of our belief in abiding standards [...] If everything is in historical flux and if the stability of principles is a figment of the imagination, then why prefer an ideology of human rights to the ideals of a strong race and its bond to the German soil?” (Herman Dooyeweerd, ‘Roots of Western Culture: Pagan, Secular, and Christian Options’, Paideia Press, 2012, pp 52, 63, 74, 87)
Le linn bolscaireacht “Breatimeacht”, mar sin, cad as do na “luachanna Breatannacha” clúiteacha siúd? (Nó luachanna Albanacha? Éireannacha? Eorpacha? Meiriceánacha?). Óir tá Daonnachas féin, den chuid is mó, ag tabhairt droim láimhe le creideamh faoi absolutan, faoi dhlíthe uilíocha oibiachtúil os ár gcionn. Mar a chonaiceamar thuas, tá dlúthbhaint an-soiléir idir staireachas agus iar-nua-aoiseachas

Chuala mé an scríbhneoir agus tráchtaire Sasanach Will Self dhá bhliain ó shin ar BBC Radio 3 ag míniú nach raibh “tús, lár, nó críoch” ina úrscéal nua toisc go raibh na tréithe seo ag baint le dearcadh nó cruinneshamhail (weltanschauung) Chríostaí a bhí seanchaite anois. B’ait é a chloisteáil á rá. “But even Joyce’s ‘Ulysses’ had punctuation...!”, a dúirt an t-agallóir mar mhagadh cairdiúil. Ach go deimhin bhí mé tógtha le tuiscint Self.

“Níl Scéal Mór ann”. Rud atá suimiúil gan aon amhras, fágtar an Chríostaíocht agus an Cumannachas araon ar lár ar an gcaoi sin. Óir creideann an dá cheann i ndlíthe seasta os cionn staire coibhneasta:
“Is fealsúnacht an Marxachas agus ní hea teoiricí eacnamaíochta, socheolaíochta ná staire – réimsí a raibh tionchar ag an Marxachas orthu freisin. Chreid Marx agus Engels gur aimsigh siad dlíthe na gluaiseachta agus forbairt na cruinne; dlíthe beo agus díbheo an nádúir. Is é coincheap na dialachtaice ábharachais seo bunchloch a chuid fealsúnachta. Dhearbhaigh sé go raibh réalachas oibiachtúil ag an domhan céadfach agus gurbh é an t-aon chineál réalachais é. Forlíontar an tuairim go n-athraíonn feiniméan fíor an domhain leis an dialachtaic trí spleáchas - téis, fritéis, sintéis. Diúltaíonn an Marxachas do gach cineál creidimh agus dearbhaíonn nach bhfuil ann ach codlaidín na ndaoine. [...] Ainneoin na bhfabhtanna seo uile níl port an Mharxachais seinnte ná baol air.” (‘Cá Seasann Teagasc Marx Anois?’ le Diarmuid Ó Gráinne, An Fhealsúnacht agus An tSíceolaíocht, Coiscéim, 1992, lgh. 82, 83, 89).
Tá tuairimí an tsleachta seo – i bhfách le dlíthe-nádúir oibiachtúil seachas stair shocheolaíoch suibiachtúil – ag deimhniú dearcadh Dhooyeweerd faoi Mharxachas. Ach deireann Dooyeweerd go bhfuil Marxachas féin ina chreideamh: 
“It should not be forgotten that communism in its Marxian and Bolshevist sense is primarily a spiritual power, a secularized eschatological faith in the final liberation of mankind in a future classless society [...] in a final goal of development which is itself outside of the historical relativity.” (Herman Dooyeweerd, A New Critique of Theoretical Thought, Paideia Press, 1984, Vol 3, p. 602)
Spéisiúil go leor, tá an cheist seo faoi dhlíthe-nádúir le taobh an stair á bplé freisin in aiste le Liam Mac Cóil faoi Gyorgy Lukács, foilsithe i 1981 sa tréimhseachán neamhbhuan Lasair:
“Ba é an deacracht go bhfaca Lukács an dialachtaic i gcomhthéacs na staire agus an tsochaí amháin. Ní dlí nádúrtha a bhí ann. [...] Níor mhiste seo ar fad, b’fhéidir, mar fhormhéadú ar an ráiteas eile sin de chuid Marx ar thug Lukács “réamhleagan an ábharachais dialachtaigh” air, mar atá, “Ní hé comhfhios an duine a chinntíonn a eiseadh ach eiseadh sóisialta an duine a chinntíonn a chomhfhios,” ach ní go rómhaith a réitigh dialachtaic seo Lukács le leagan amach Engels, mar shampla, a chonaic an dialachtaic go hiomlán i dtéarmaí dlíthe nádúrtha. “Is é an nádúr,” a dúirt Engels “cruthú na dialachtaice.” Níorbh é seo tuairim Lukács. Ba é seo an fáth ar tháinig ‘An Stair agus an Comhfhios Aicmeach’ salach ar an mbunaíocht Chumannach ag an am. Bhí Lukács ag diúltú do Engels agus, gan fhios dó féin, do Lenin chomh maith. Bhí sé tar éis baint faoin “ábharachas dialachtach” mar a tháinig sé anuas ó Engels, trí Phlekanov go Lenin agus tar éis an “dialachtaic ábharach” a chur ina áit. Mar a deir George Lichtheim ar a bhealach áibhéalach féin: “Nuair a shéan Lukács go raibh aon bhaint idir an Marxachas agus an eolaíocht nádúrtha, bhain sé an chloch choirneáil as an tógáil Lenineach. Agus nuair a rinne sé athfhriotal ar ráiteas a sheanollaimh, Heinrich Rickert, a rá nach raibh san ábharachas ach Platónachas droim ar ais bhí lámha salacha leagtha aige ar Áirc an Chonartha féin.” (Gyorgy Lukács - An Criticeoir Marxach, Liam Mac Cóil, Lasair, Uimh. 2, 1981, lch 6)
Agus ar ndóigh leis na tagairtí seo do dhialachtaic, do Hegel, agus do Phlatónachas, tá macallaí Iohannes Scottus Eriugena le cloisteáil againn (“his dialectical reasoning prefigures Hegel.” - Dermot Moran).
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—
1. DÚCHAS SCOILTE: 

2. INTINN SCOILTE: 

3. SCOTIA SCOILTE: 

4. AN TSEAN-GHRÉIG SCOILTE: 

5. HOLLYWOOD SCOILTE: 

6. OLLSMACHTACHAS SCOILTE: 
Naitsíochas agus Cumannachas

7. CRITICÍ SCOILTE: 
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—

An Corrmhíol
Simon Ó Faoláin
(Réamhrá úr Gaeilge le Fearghas MacFhionnlaigh)
Lth/Pgs 94 
ISBN 6660012180325
COISCÉIM 2018     
LITRÍOCHT €7.50
__________________
Aistriúchán go Gaeilge den dán
A’ Mheanbhchuileag 
le Fearghas MacFhionnlaigh (1980)
(Tá an leagan Gaeilge móide an leagan Gàidhlige sa leabhar seo)
___________________
Freisin:
Gàidhlig air loidhne AN SEO
English online HERE
_____________________