mercredi, juin 23, 2021

An Corrmhíol / A’ Mheanbhchuileag | RÉAMHRÁ: 4. AN tSEAN-GHRÉIG SCOILTE: Apalló agus Diníseas

AN CORRMHÍOL: RÉAMHRÁ
le Fearghas MacFhionnlaigh
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—
4. AN tSEAN-GHRÉIG SCOILTE: 
Apalló agus Diníseas
“Ba mhian linn a bheith inár sár-Thíotáin, 
ag dreapadh Oilimpeas le haon léim bhríomhar amháin.
Ba mhian linn a bheith inár bhFéinnithe cosmacha,
ag caitheamh na bplainéad tóin thar cheann”
 
(An Corrmhíol, aistrithe ag Simon Ó Faoláin) 
Ciall agus cruth. Éigiall agus éagruth. I ndeireadh a shaoil chasta, slogadh an fealsamh cáiliúil Friedrich Nietzsche i gcraos dorcha coill mhór na mire chomh maith. Ach i bhfad sular imigh solas an lae ó aithne air, d’aimsigh sé gabhlú fíorthábhachtach ceilte ar an gcosán corrach:
“Is ar an mbonn sin [moladh Wagner] a chinn Nietzsche ar leabhar a scríobh ar an ionad a bhí ag an tragóid i saol cultúrtha na seanGhréige. Cuid làrnach den leabhar [‘Breith na Tragóide’] ab ea an t-éileamh go bhfuil an dá chlaonadh sa duine, ar ghair Nietzsche diminsin Apolló agus Diníosais. Sheas Apolló don réasún agus Diníosas don iomas agus do na braistintí. Dar le Nietzsche, ba thairbhí an claonadh Diníosach; dá múchfaí an taghd seo ionainn, ní bheadh de thoradh air ach coilleadh cultúrtha agus bás na sibhaltachta.” (‘Friedrich Nietzsche: Saol agus Smaointeachas’ le Diarmuid Ó Gráinne, Coiscéim, 1997, leath. 51)
Ísiltíreach Herman Dooyeweerd (1894-1977) an fealsamh comhaimseartha roghnaithe s’agamsa. Tá seo le rá aige faoin teannas achrannach Heilléanaíoch idir xulé (ábhar) agus morphē (cruth/foirm):
“The Aristotelian view of nature was no more independent of religious presuppositions than any other philosophical view. It was completely ruled by the dualistic religious basic motive of Greek thought, namely, that of form and matter [...] It originated from the meeting between two antagonistic Greek religions, namely, the older nature religion of life and death, and the younger cultural religion of the Olympian gods. Nietzsche and his friend Rhode were the first to discover the conflict between these religions in the Greek tragedies. Nietzsche spoke of the contest between the Dionysian and the Apollonian spirit in these tragedies. But in fact here was at issue a conflict in the religious basic motive of the whole Greek life and thought. The pre-Olympian religion of life and death deified the ever-flowing stream of organic life which originates from mother earth and cannot be fixed or restricted by any corporeal form [...] The corporeal form can only be maintained at the cost of other living beings, so that the life of the one is the death of the other. So there is an injustice in any fixed form of life which for this reason must be repaid to the horrible fate of death, designated by the Greek terms anangkè [riachtanas seasta fórsúil] and heimarmenè tuché [cinniúint nach féidir a sheachaint] [...] This is the original sense of the Greek matter-motive which found its most spectacular expression in the cult of Dionysius, imported from Thrace. The religious form-motive, on the other hand, is the central motive of the younger Olympian religion, the religion of form, measure and harmony, wherein the cultural aspect of the Greek polis was deified. It found its most pregnant expression in the Delphian Apollo, the legislator. The Olympian gods are personified (and deified) cultural powers [...] the genuine prototype of the Platonic notion of the metaphysical eidos, or idea.” (Herman Dooyeweerd, ‘In The Twilight of Western Thought’, Paideia Press, 2012, pp. 29). 
Thug Nietzsche faoi deara deighilt neamhréireach idir dearcthaí Apalló agus Diníseas a bhí faoi cheilt sna Traigéidí Gréagacha. Gan dabht feiceann muid “cumhachtaí cultúrtha pearsantaithe” os ár gcomhair mar an gcéanna in seandrámaíocht ar nós na Fiannaíochta. Is léir dúinn “ciall agus cruth, éigiall agus éagruth” (cf “ríastad” = riastradh) ag baint le Cú Chulainn na finscéalaíochta. Mar is léir dúinn freisin maidir le Suibhne bocht agus a chuid cluimhrí. Ar ndóigh, chaill Nietzsche féin a chiall air deireadh thiar, in aois cheithre bliana is daichead, agus d’fhág seo é i dteach (nó hulé) na ngealt.

Ba bhreá liom bheith ábalta caibidil 23 iomlán (tour de force ar fad) de ‘An Dochtúir Áthas’, sárleabhar ag Liam Mac Cóil, a lua anseo. Ach ar aon nós seo dúinn sliocht as an óráid thar barr:
“Ná cuireadh an déscaradh Cairtéiseach aon mhearbhall orainn. Ní le smaointe a thosaigh Descartes ach le brionglóidí. Sraith brionglóidí a bhí aige aon oíche amháin agus é ina shuí cois tine. [...] Ach, a chairde, bíonn brionglóidí ag madraí is ag moncaithe. Ceist agam oraibh. An bhfuil corp agus anam ann? Nach dtéann an mhíthuiscint seo siar go hArastatail sa cheathrú caibidil de ‘Na Fiseanómaigh’. [...] Bhí Freud chomh mór céanna i bhfabhar ceilt agus brú faoi chois in ainm na sibhialtachta is a bhí Edmund Burke; bhí géarghá aige, chomh maith céanna, le ‘drapery’ na sibhialtachta, mar a bhí ag Swift, ainneoin a chóngaraí a chuaigh sé don fhiantas. Bhí gá acu leis mar chosaint ar ‘sauvageries’ Rousseau agus a chuid faoistiní. Bhí gá acu leis an gclúdach; mar lasmuigh ansin, sa choillearnach ar fhíor na spéire, ar imeall na páirce, tá na daoine fiaine, nach labhrann an teanga chéanna, nach gcleachtann an creideamh sibhialta céanna, iad piseogach, págánach, ainmhíoch, neamh-chomhfhiosach: na Gaeil, an namhaid dorcha. [...] Ach arís ná titimis isteach sa déscaradh buile ag cur na mothúchán ar thaobh an fhiantais agus an réasún ar thaobh na sibhialtachta. Fiabhras Treibschen atá i gcodarsnacht Apalló agus Dinísias, dialachtaic Wagnerach, bunaithe ar rámhaillí ealaíne an cheoltóra agus míléamh ar luathfhilíocht na Gréige. Bimísne beagáinín níos stuama. Seachnaímis an dialachtaic bhréagach seo atá de dhlúth is d’inneach na hoidhreachta fealsúnta a fuair na Gearmáinigh ó Descartes, agus arb é an t-ionchollú Hegelach an chuid is urchóidí uile de.” (Liam Mac Cóil, ‘An Dochtúir Áthas’, Leabhar Breac, 1994, lgh. 131-135)
“Ionchollú”. Focal thar a bheith tábhachtach sna ceisteanna atá á bplé.
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—
1. DÚCHAS SCOILTE: 

2. INTINN SCOILTE: 

3. SCOTIA SCOILTE: 

4. AN TSEAN-GHRÉIG SCOILTE: 
Apalló agus Diníseas

5. HOLLYWOOD SCOILTE: 

6. OLLSMACHTACHAS SCOILTE: 

7. CRITICÍ SCOILTE: 
—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—-—

An Corrmhíol
Simon Ó Faoláin
(Réamhrá úr Gaeilge le Fearghas MacFhionnlaigh)
Lth/Pgs 94 
ISBN 6660012180325
COISCÉIM 2018     
LITRÍOCHT €7.50
__________________
Aistriúchán go Gaeilge den dán
A’ Mheanbhchuileag 
le Fearghas MacFhionnlaigh (1980)
(Tá an leagan Gaeilge móide an leagan Gàidhlige sa leabhar seo)
___________________
Freisin:
Gàidhlig air loidhne AN SEO
English online HERE
_____________________