samedi, juin 09, 2012

Iohannes Scottus Eriugena

IOHANNES Ó ÉIRINN 
AGUS 
MÁISTRÍ NA GRÉIGE: 
Léamh ar Shaothar Iohannes Scottus Eriugena
le Eoghan Mac Aogáin

Sna cúig imleabhar dá mhórshaothar Periphyseon (Mar Gheall ar Nádúir) chuir Iohannes Scottus Eriugena (c. 810-875) cuntas ciclipéideach le chéile ar gach dá bhfuil ann: dúile dofheicthe na fisice, mionstruchtúir anatamaíochta na colainne, feidhmiú na gcéadfaí, struchtúr na hintinne, iompar an duine, rothlú na spéartha, ordlathas na n-aingeal, agus an diacht. Scáthán is ea an dúlra, a dúirt sé, ina bhfeictear íomhá den intinn, agus scáthán is ea an intinn ina bhfeictear íomhá de Dhia.

Tá an scéal ar fad inste anseo ag Eoghan Mac Aogáin bunaithe ar aistriúcháin atá déanta aige ar shraith de théacsanna le Iohannes agus leis na húdair is mó a chuaigh i bhfeidhm air: na hAithreacha Gréagacha Greagóir Nyssa, Dinísias an tAiréapagach, agus Maximus an Coinfeasóir, agus an t-oideachasóir Rómhánach Martianus Capella. Díríonn Mac Aogáin aird an léitheora ar na buntéamaí Nua-Phlatónach atá le fáil i saothar Iohannes, ar na hiarsmai láidre den seamanachas atá le brath ar an láimhseáil a dhein sé orthu, agus ar an aeisteitic gan sárú a dhein sé díobh araon in Periphyseon. Agus léiríonn sé an tábhacht atá fós leis an seasamh neamhghnáthach a ghlac sé sa choimhlint idir thoir agus thiar na Críostaíochta.

"An-leabhar é seo ar dhá chúis: a léannta agus atá an cur síos agus an anailís ar fhealsúnacht agus ar dhiacht Eriugena, agus a ghreanta agus atá an stíl phróis, go háirithe an t-aistriúchán ar bhriathra Eriugena féin." Donnchadh Ó Corráin

Coiscéim 2009

"- Stair intleachtúil a linne - Johannes Scottus Eriugena, c. 810-875 - agus a shaothar, go háirithe ag cúirt an rí Chairilínsigh, Séarlas Maol.
- Cuntas tríd is tríd den smaointeoireacht ar bun meafair (mar ba dhúil don fhealsúnacht scolaíoch).
- Cur síos ar an scoilt idir oirthear (an Ghréig) agus iarthar na Críostaíochta ag an am.
- An Chríostaíocht Ghréagach. Na naisc leis an manachas in Éirinn ag an am agus roimh-ré. I gcomhthéacs an mhanachais aiséitigh seo tá plé an-suimiúil ar fad ag an údar faoin cúlra a bhí le seo: dar leis, tréith thábhachtach den domhan réamh-liteartha a bhí a rian air fós i saol an 8ú chéid ná an seamanachas (‘shamanism’ i mBéarla). Táim an-ghafa ar fad leis an leabhar seo. Tá an oiread sin ábhar machnaimh ann."
  Fionn Murtagh

€12
Litríocht.com