samedi, juin 20, 2015

Waterloo na nGael – léiriú snasta, machnamhach ar eachtra mhór

Waterloo na nGael – 
léiriú snasta, machnamhach 
ar eachtra mhór
LÉIRMHEAS: Thug 'Waterloo – Na Laochra Gael', comghuaillíocht idir TG4 agus BBC Alba, cuntas breá ar imeachtaí foréigeanacha, brúidiúla ar cheann de na comhraic is iomráití i stair na hEorpa

(Meitheamh 20 2015)


"Measadh gur Éireannaigh iad 30% dá shaighdiúirí Wellington"

Dhá chéad bliain ó shin a troideadh cath Waterloo, ceann de na comhraic is iomráití, agus is tábhachtaí, i stair na hEorpa. Ar an lá úd thug fórsaí na Fraince faoi stiúir Napoleon aghaidh ar chomhghuaillíocht Shasnach, Prúiseach srl. a bhí faoi stiúir an Mharascal Machaire Arthur Wellesley, nó The Duke of Wellington mar ab fhearr aithne air in dhiaidh sin. Maítear gur mhúnlaigh an cath sin todhchaí na hEorpa ar feadh céad bliain; go deimhin, ní raibh aon mhórchogadh ar an Mór-Roinn i gcaitheamh an ama sin.

Tugann an dráma faisnéise 'Waterloo – Na Laochra Gael', ar comghuaillíocht idir TG4 agus BBC Alba é, cuntas ar imeachtaí foréigeanacha, brúidiúla an lae chinniúnaigh sin mar aon le héachaint a thabhairt ar ról na nAlbannach agus na nÉireannach. Go deimhin, maíonn an clár seo nach mbeadh an svae tugtha leis ag fear an bhuatais murach saighdiúirí na dtíortha sin.

B’Éireannach é Wellington féin nach raibh iomlán ar a shuaimhneas lena fhéiniúlacht. “Because a man is born in a stable, that does not make him a horse”, ráiteas a leagtar air.

Measadh gur Éireannaigh iad 30% dá shaighdiúirí Wellington agus mar gur tharla an choimlint seo i bhfad roimh an athrú mór teanga a bhain leis an nGorta Mór, is cinnte go raibh Gaeilge le clos ar pháirc an áir. Bhí plandaí de phórtha uaisle agus sliocht na cosmhuintire ann: an Ciarraíoch Maruice O’Shea, Peter McMullen a chaill dhá ghéag, William Ponsonby a bhí i gceannas ar mharcshlua, Jenny Griffith a chaith trí lá ag cuartú a fir tar éis na cogaíochta agus ‘the bravest man in the army”, James Graham, a thuill clú agus gradam de bharr a ghaiscí.

Tá an clár fada seo, atá uair an choig go leith ar fad (gan fógraí), tógtha ar an athchruthú drámatúil le haisteoirí Éireannacha cosúil le Olwen Fouéré, Steve Wall, Eoin Geoghegan agus Cillian Ó Gairbhí ag déanamh a gcúram go slachtmhar i lár an áir, agus go deimhin earacaíodh Micheál Ó Muircheartaigh le tabhairt faoi ról an Chiarraígh.

Gan amhras ní fhéadfaí, ar chúinsí buiséid, léiriú mórthaibhseach a thabhairt ar scóip na cogaíochta ach ina dhiaidh sin féin cuireadh fuilteacht agus brúidiúlacht na cogaíochta abhaile orainn mar aon le cíoradh a dhéanamh ar shruth na coimhlinte agus an tslí go raibh sí idir dhá cheann na meá ar feadh i bhfad. Bhí guthanna na ngnathshaighdiúirí le cloisint agus bhí aisteoireacht chumasach le feiscint sna seatanna teanna seo. Thug na cloigne cainte (Pádraic Breathnach ina measc) forbhreathnú, comhthéacs agus breis léargais dúinn ar a tharla ar an láthair féin sa Bheilg. Soláthraíonn Manchán Magan (a bhí i measc an mheitheal scríbhneoirí) tráchtáireacht dhrámatúil. Chuireas an-spéis sa bhfógra earcaíochta Gaeilge ón tréimshe ach níor deineadh toise na Gaeilge a chíoradh chun mo shástachta.

Ag deireadh an chláir, tugtar aghaidh ar an easpa aitheantais a fuair na daoine seo gur laochra iad i stair mhíleata Shasna. Déanadh neamhaird díobh agus ligeadh i ndearmad iad. Léiriú eile ar an ngaol achrannach Angla-Éireannach. Go deimhin, deineadh comparáid shuimiúil le Tom Crean agus an náire (nó eagla) a bhí ar na daoine seo a ngaiscí a eachtraí agus iad ar ais ar an bhfód dúchais.

Ar an iomlán, léiriú snasta, machnamhach ar eachtra mhór i stair na hEorpa a raibh toise suimiúil Éireannach agus Gaeilge ag baint leis.


Ath-bhlogaichte bho
______________________________