mercredi, décembre 03, 2014

Tástáil curtha ar chúrsa Gaeilge Duolingo


Tástáil curtha ar chúrsa Gaeilge Duolingo
LÉIRMHEAS: Tá os cionn 143,000 ag foghlaim na Gaeilge ar Duo-lingo a bhfuil cúrsa Gaeilge saor in aisce curtha ar fáil anois mar aip acu. Ach an bhfuil aon mhaitheas ann?

Maitiú Ó Coimín
Dé Céadaoin, Nollaig 3 2014

Tá cúrsa foghlama Gaeilge anois ar fáil ar aip ag Duolingo, ceann de na hardáin foghlama teanga is aitheanta ar an ngréasán domhanda.

Go dtí seo, ní raibh teacht ar an gcúrsa Gaeilge ach ar shuíomh idirlín Duolingo amháin. Dar le Duolingo, tá 143,000 duine cláraithe leis an gcúrsa Gaeilge cheana féin. Tá an-rath go deo ar an gcúrsa Duolingo ó seoladh dhá bhliain ó shin é. 

D’ainmnigh Apple mar Aip na Bliana é agus is é sméar mullaigh an choráis Android é, dar le Google. Tá 39 dteanga ar fáil faoi láthair ar Duolingo agus 11 eile le teacht.

Scéal mór é cinnte go bhfuil an Ghaeilge anois ag Duolingo, ach an bhfuil aon mhaitheas ann? Rinne Tuairisc.ie tástáil air...

_____________________