mercredi, décembre 03, 2014

Ag gearán nó ag clamhsán?

‘AN LEON, AN BANDRAOI AGUS AN PRIOS ÉADAIGH’,
an saothar is déanaí a d’aistrigh ár gcolúnaí. B’fhearr leis féin an leagan ‘cóipeanna bolscaireachta’ seachas ‘cóipeanna promóisin’.
Ag gearán nó ag clamhsán?
FRIOTAL: An rud atá neodrach sa Bhéarla, seans go bhfuil sé diúltach sa Ghaeilge, a deir ár gcolúnaí.

Antain Mac Lochlainn
Dé Céadaoin, Nollaig 3 2014

Foilsitheoirí ar mian leo a gcuid foilseachán a phoibliú, is gnách leo ‘promotional copies’ a bhronnadh ar iriseoirí, le súil go ndéanfar léirmheas orthu nó go scríobhfar alt ina dtaobh. Tharla go raibh duine i dteagmháil liom le gairid ag iarraidh a fháil amach cén Ghaeilge a bheadh ar a leithéid. ‘Cóipeanna bolscaireachta,’ arsa mise, as maoil mo chonláin. Níor thaitin an freagra le mo dhuine, nó mheas sé gurb é an chiall atá leis ná ‘propaganda copies’. Ba é an deireadh a bhí air gur ghlac sé le treoir www.focal.ie agus bhaist ‘cóipeanna promóisin’ orthu.

Anois, níl mise ar an dream a bhíonn ag doicheall roimh fhocail iasachta, ach déanaim amach nach bhfuair ‘bolscaireacht’ a cheart anseo. Nuair a chluintear ‘propaganda’ músclaítear cuimhní ar an Tiarna Haw-Haw, ar Goebbels agus ar ‘Pravda.’

An iad na cuimhní céanna a mhúsclaítear in aigne duine ar chluinstin ‘bolscaireacht’ dó? Is deacair a rá nó bíonn a dtuiscintí féin ag daoine ar fhocail.


_____________________