mercredi, octobre 22, 2014

Guthán cliste Anne Frank

Guthán cliste Anne Frank
Ní comhtharlúint é go bhfuil an focal ‘líon’ san fhocal ‘idirlíon’.

Alex HIJMANS (Deireadh Fómhair 22 2014)

Cuimhním go rialta ar thaispeántas idirghníomhach ar fhreastail mé air ag ionad Anne Frank in Amsterdam i samhradh na bliana 2008. Ní faoin Uileloscadh a bhí an taispeántas sealadach seo, ach faoi shaoirse phearsanta an duine.

Mar chuid den taispeántas, bhí ar an lucht féachana vótáil i bhfábhar nó i gcoinne ráiteas áirithe a teilgeadh ar scáileán mór. Bhí an vótáil discréideach go maith, le cnaipí nach bhfeicfeadh do chomharsana. Cúpla soicind i ndiaidh na vótála, teilgeadh an toradh ar an scáileán.

Seans nach bhfuil áit níos fearr ar chlár na cruinne ná ionad Anne Frank chun teacht ar thuairim choitianta dhomhanda faoi cheisteanna conspóideacha an tsaoil.

...Seo ceann de na ráitis a cuireadh os comhair an lucht féachana randamach, idirnáisiúnta seo an lá ar thug mé féin cuairt ar an taispeántas:
‘Ba cheart geataí fíorúla (virtual gates) a chur i bhfeidhm ag imeall na gcathracha móra a choinneodh súil ar gach duine a théann isteach agus amach.’
Vótáil mé féin i gcoinne an ráitis, ach vótáil seasca faoin gcéad den slua – tuairim is leathchéad duine a bhí i láthair – ina fhábhar. Arís is arís eile, bhí céatadán ard den slua sásta sciar suntasach dá saoirse phearsanta a ghéilleadh ar mhaithe lena sábháilteacht.



__________________________