mercredi, octobre 22, 2014

Beart de réir briathair is gá a dhéanamh

Beart de réir briathair is gá a dhéanamh
Ní fiú tada ‘ fearg’ na nGael má chaitear ar na meáin shóisialta nó ar stól an bheáir í. Stopaimis ag gearán nach n-aithníonn an Stát muid nuair nach n-aithníonn muidne muid féin – agus fágaimis Ballydavid, Spiddle agus Gortahurk san áit chéanna ar fhág muid Kingstown, Philipstown agus Maryborough.


Maitiú Ó COIMÍN (Deireadh Fómhair 22 2014)

Tharraing an dá alt a d’fhoilsigh Tuairisc.ie ar thorthaí phobalbhreith Millward Brown inné go leor cainte ar na meáin shóisialta agus, go deimhin, ar na meáin thraidisiúnta. An t-alt a léirigh go raibh sé i gceist ag an Aire Iompair, Paschal Donohoe, ‘athbhreithniú’ a dhéanamh ar chinneadh a réamhtheachtaí go gcuirfí an Ghaeilge ar comhchéim leis an mBéarla ba mhó a tharraing aird na ndaoine – agus bhíodar ar buile faoi.

Lasadh Twitter agus Facebook le fearg na nGael faoin gcinneadh seo agus caitheadh go leor ama ag cáineadh an Rialtais agus ag tabhairt amach.

Ach i ndeireadh na dála, ní fiú tada an fhearg seo má chaitear ar na meáin shóisialta nó ar stól an bheáir í. Ach sin an cur chuige atá ag formhór na nGael: ag gearán go glórach agus ansin ag suí ar a dtóin gan mórán eile a dhéanamh. Mar a dúirt an fear fadó, beart de réir briathair is gá a dhéanamh.



_____________________