mardi, septembre 30, 2014

Robert Louis Stevenson i nGaeilge

Oileán an Órchiste 
CRUA / HARDBACK
Oileán an Órchiste
Robert Louis Stevenson
Leabhar Breac 2014
ISBN 978-1-909907-40-9
176 lch.

Tá an t-úrscéal Treasure Island le Robert Louis Stevenson ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil riamh. Scéal scleondrach atmaisféarach é seo faoi fhoghlaithe mara ar an bhfarraige mhór, faoi mhapa órchiste, agus faoi Jim Hawkins, buachaill sna déaga a chuireann chun farraige agus é meallta ag draíocht an bhithiúnaigh Long John Silver.

San aistriúchán breá seo le Darach Ó Scolaí, tá an t-úrscéal seo a scríobhadh in 1883 curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu, agus maisithe le pictiúir ó eagrán 1911 den leabhar le N.C. Wyeth.

_________________

Cás aduain 
an Dr Jekyll agus Mhr Hyde 
Robert Louis Stevenson a scríobh
Mathew Staunton a mhaisigh
Conall Ceárnach a d'aistrigh go Gaeilge
Evertype 2014
ISBN 978-1-78201-075-3
Lth/Pgs 163

"Bhí ina lámh aige bata trom, agus e ag imirt leis; ach níor fhreagair se focal, agus ba dhóigh le duine air go raibh sé ag éisteacht le mífhoighne ba dheacair a chosc. Agus ansin ar iompú na boise bhris ar an bhfoighne aige le rabharta feirge, bhuail sé a leathchos in aghaidh an talaimh, bheartaigh sé an bata, agus d'iompair sé e féin ar nós duine buile. Chuaigh an seanduine uasal coiscéim ar gcúl, agus cosúlacht air go raibh ionadh air agus e goillte beagan. Leis sin chuaigh Mr Hyde thar na bearta ar fad, agus leag sé ar talamh le buille bata e. Agus nóiméad ina dhiaidh sin, le fíochmhaire ápa, bhí sé ag satailt ar an gcorpán faoina chosa, e ag radadh stoirme buillí anuas air a bhris na cnámha le torann agus a thug ar an gcorp damhsa ar an mbóthar." 

Scéal scáfar uafar a chuirfidh alltacht agus anbhá ar lucht a léite. Dearmad na léirithe éadroma de atá feicthe agat i scannain agus cruinnigh do mhisneach le dul i bhfiontar sceimhle síceolaíoch Jekyll agus Hyde. 

Is i Londain Shasanna ata an t-úrscéal suite mar dhea, ach tá gach uile leathanach de ar maos in atmaisféar dúrúnda Dhún Éideann - an áit ar rugadh Robert Louis Stevenson. An fabhalscéal Freudach, fáthscéal moráltachta no allagóire aerach e? Is fútsa a chinneadh.

________________