mardi, septembre 30, 2014

An Spáinn ag iarraidh reifreann na Catalóine a chosc de réir dlí

An Spáinn ag iarraidh reifreann na Catalóine a chosc de réir dlí

Tá Priomh Aire na Spáinne, Mariano Rajoy, i ndiaidh iarraidh ar Chúirt Bhunreachtúil na tíre a rialú ar reifreann na Catalóine. Dar leis go bhfuil an reifreann faoi neamhspleáchas, atá le bheith ann ar 9 Samhain, míbhunreachtúil agus mar sin mídhleathach. Tá an rialtas in Maidrid ag iarraidh an reifreann a chosc sula mbeadh sé ann.


Thacaigh parlimint na Catalóine le reifreann an tseachtain seo caite agus mhaígh Príomh Aire na Catalóine, Artur Más, gur faill é do phobal na Catalóine comhrá a bheith acu faoi neamhspleáchas. 

Beidh dá cheist ar an pháipéar vótála ag fiafraí tuairim dhaoine maidir le stát a bheith ann dárbh ainm an Chatalóin agus ag fiafraí ar cheart go mba stát neamhspleách é .

Deir an Spáinn go mba cheart go mbeadh vóta ag achan Spáinneach maidir le ceist bhunreachtúil den tsórt seo agus mar sin go mbeadh aon vóta ar bhonn reigiúnda mídhleathach.

‘Níl ligfear d’éinne ná d’aon rud aontas na Spáinne a chur ó mhaith’ arsa an Príomh Aire Rajoy, a chuir go dian i gcoinne neamhspleáchas d’Albain agus atá maíte ar sheasamh go docht i gcoinne aon iarracht chun neamhspleáchas a cheadú in aon reigiúin sa Spáinn.

In 2010 dar le suirbhéanna áirithe go raibh tuairim is an chúigiú cuid de phobal na Catalóine ar son neamhspleáchais. Tá sin méadaithe go leathchuid den phobal de réir suirbhéanna a rinneadh le tamall beag anuas.

Scríofa ag Nuacht24 ar 29.09.2014
______________________