Lá mór i stair na teanga an lá inniu agus cainéal Gaeilge nua do pháistí á sheoladh ag TG4.
Agus nach mór 30 bliain caite ó bunaíodh TG4 féin, beidh an dara cainéal Gaeilge againn agus é ag soláthar don dream is tábhachtaí ar fad ó thaobh inmharthanacht na teanga.
Ní raibh aon amhras ar an lucht feachtais a throid ar son bhunú Theilifís na Gaeilge ach go raibh a leithéid riachtanach, go háirithe mar gheall ar an éagóir a bhí déanta ar feadh na mblianta ar pháistí a bhí á dtógáil le Gaeilge.
Faoi mar a dúirt Feargal Mac Amhlaoibh, duine de na feachtasóirí sin, bhí tuismitheoirí a bhí ag iarraidh cothrom na Féinne a fháil dá bpáistí óga nuair a bunaíodh RTÉ imithe ar pinsean faoin am a tosaíodh ar an gcaint faoi stáisiún Gaeilge a bhunú.
‘B’fhiú é ar fad ar mhaithe le Hiúdaí,’ a dúirt Ciarán Ó Feinneadha, duine de na feachtasóirí eile is mó atá luaite le scéal bhunú Theilifís na Gaeilge.
Bhí an port céanna ag an bhfeachtasóir Donncha Ó hÉallaithe sa Ghaeltacht is a bhí ag Ó Feinneadha san ardchathair.
‘Ní ar mhaithe le freastal ar dhaoine fásta go príomha ba cheart TnaG a bhunú ach le freastal ar pháistí,’ a dúirt Ó hÉallaithe. Thabharfadh stáisiún teilifíse nua ‘instealladh dóchais’ do dhaoine ar chás leo an Ghaeilge ‘a shábháil’ mar theanga pobail.
Tá an t-instealladh dóchais sin faighte againn ó TG4 agus tá an teanndáileog chugainn anois le Cúla4.
Níor cheart a bheith ag súil leis an iomarca ón gcainéal nua, áfach.
Beidh bearnaí móra le líonadh fós sa soláthar siamsaíochta agus oideachais i nGaeilge do pháistí. Mórchlár radacach náisiúnta infheistíochta a theastaíonn má tá an Ghaeilge chun coimeád suas in aon chor lena bhfuil ag tarlú sa Bhéarla sa réimse seo, ar an teilifís agus, go háirithe, ar líne.
Pé acu is áin linn nó nach áin linn é, ó thaobh ár bpáistí de, tá dianiomaíocht ar siúl i dtaca le mealladh agus díriú na hairde, agus an margadh a bhaineann lena leithéid. Ní haon mhaith a bheith ag insint do Chóilín nó do Mháire go bhfuil cartún deas ar siúl ar Cúla4 nuair atá an uile pháiste eile ag féachaint ar ‘An Chéad Rud Mór Eile’ ar theilifís an Bhéarla nó ar YouTube.
Dúirt na comhairleoirí neamhspleácha a scríobh tuarascáil faoi phlean TG4 an cainéal nua a bhunú go bhfuil gach seans go laghdóidh líon na ndaoine a bheidh ag féachaint ar Cúla4 amach anseo.
Tuairiscítear gur laghdaigh na figiúirí féachana do chainéil atá dírithe ar leanaí faoina leath ó 2016, agus meastar go leanfaidh sé sin ar aghaidh toisc leanaí a bheith ag brath níos mó agus níos mó ar ábhar ar líne.
Tuigeann lucht Cúla4 an méid sin go rímhaith, mar is léir ón gcaint stuama a dhein bainisteoir an chainéil nua, Karina Feirtéar, an tseachtain seo.
Dúirt sí nach leor na cartúin ar an teilifís a thuilleadh agus go gcaithfear freastal ar na páistí san áit a mbíonn siad – ar an bhfón póca nó ar tháibléid.
Bhí grinneas smaointe ag baint riamh le polasaí teanga TG4 do dhaoine óga mar go n-aithnítear a thábhachtaí is atá sé go mbeadh áit ag an duine óg gur féidir leo blaiseadh den saol agus de shaol na samhlaíochta i nGaeilge amháin.
Tá misneach agus loighic lom shoiléir ag baint leis an gcur chuige sin, cur chuige atá bunaithe ar fhreastal ar riachtanais agus ar chearta an Ghaeilgeora óig.
Ní i gcónaí go mbíonn an grinneas smaointe céanna ag baint leis an bpolasaí teanga atá ag TG4 don duine fásta.
Go deimhin, is i ndoiléire atá an polasaí sin imithe i gcaitheamh na mblianta agus ní haon dochar a bheadh ann athbhreithniú a dhéanamh air.
Ba mhaith an rud é, mar shampla, dá mbeadh iarracht níos mó den tsiúráil agus den mhuinín atá le feiscint sa pholasaí do pháistí le feiscint i mórpholasaí teanga an stáisiúin.
Na cearta agus na riachtanais teanga atá ag na páistí beaga a bheidh ag féachaint ar an gcainéal nua Gaeilge inniu, beidh na cearta agus na riachtanais teanga chéanna acu cuid mhór nuair a thagann siad chun coinlíochta.
Dúirt an file Louis de Paor go leathmhagúil tráth gurb í buaic na hathbheochana ‘nuair a labhair Kermit an frog glan-Ghaelainn ar The Muppets ar TG4’.
Bíodh an lá inniu ina bhuaic nua.