Tá Parlaimint na hEorpa ag ceiliúradh 70 bliain ar an bhfód. Ó tháinig sí ar an bhfód in 1952, tá an Pharlaimint ag dul ó neart go neart - ag fás taobh leis an tionscadal Eorpach agus tionchar níos mó i gcónaí aici ar na saincheisteanna atá tábhachtach duitse. Inniu, déanann sí ionadaíocht ar leathbhilliún Eorpach nach mór as 27 tír. Caith súil siar ar na himeachtaí suntasacha a mhúnlaigh cliabhán an daonlathais Eorpaigh.