jeudi, janvier 20, 2022

PARLAIMINT na hEORPA | Roberta Metsola: Ba chóir dúinn seasamh ar son cheart a chéile san Eoraip (19 Jan 2021)

Roberta Metsola: 
Ba chóir dúinn seasamh ar son cheart a chéile san Eoraip
(19-01-2022)
Toghadh Roberta Metsola ina hUachtarán Pharlaimint na hEorpa inné. Is í an t-Uachtarán is óige riamh.

Thug sí óráid sa tseisiúin iomlánach in Strasbourg agus leag sí béim ar an ngá leis an Tionscadal Eorpach a neartú. Dúirt sí: “Tá fonn orm an muinín agus an díograis a bhaineann lenár tionscadal a athmhúscailt; an fonn spásanna sábháilte, cothroma agus córa a bhunú.”

“Ba chóir dúinn seasamh ar cheart a chéile san Eoraip, ár muintir a thabhairt le chéile, prionsabal de cuid ár sinsir a chosaint, agus dóchas a chur chun cinn.”

D’fhógair Metsola gur iomaí dúshlán gur chóir dúinn a shárú san Eoraip, lena n-áirítear an bréageolas, brú ón taobh amuigh, an gá leis an téarnamh eacnamaíoch, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. “Tá mé an bhródúil as an modh maireachtáil atá againn san Eoraip, rud a chuireann geilleagair oscailte agus sochaithe oscailte chun cinn. Ní mór dúinn an modh seo a thacú chun an brú a bhaineann leis a sheasamh”, a dúirt sí.

Fuair Metsola tromlach glan na vótaí an 18 Eanáir. Is í an tríú bean a bheith ina hUachtarán Pharlaimint na hEorpa. Bhí Simone Veil i gceannas ó 1979 go dtí 1982, agus bhí Nicole Fontaine ina huachtarán ó 1999 go dtí 2002.

Chuir Metsola béim ar thiomantas na Parlaiminte don éagsúlacht, don chomhionannas inscne agus cearta na mban. D’fhógair sí nach gcreideann sí go mbeidh tréimhse 20 bliain i gceist sula dtoghfar bean eile ina Uachtarán.
——————