mardi, janvier 25, 2022

PARLAIMINT na hEORPA | ‘Daonlathas na hEorpa / Luachanna Eorpacha agus cearta Eorpacha, an smacht reachta, an tslándáil’ (25 Jan 2022)

An Chomhdháil ar 
Thodhchaí na hEorpa
(25-01-2022)
Tháinig an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa le chéile an 21-22 Eanáir chun plé a dhéanamh ar smaointe na saoránach maidir leis an daonlathas, an smacht reatha, an comhshaol agus an tsláinte
——————
Tugadh tacaíocht do smaointe maidir le conas smacht an dlí a neartú san AE, an bréagaisnéis a chomhrac agus neamhspleáchas na meáin a chinntiú. Éilíodh bearta in aghaidh an leithcheala san ionad oibre freisin, chomh maith le creatlach a chuirfidh cothromaíocht oibre is saoil chun cinn.
Painéal Saoránach Eorpach 2:
‘Daonlathas na hEorpa / Luachanna Eorpacha agus cearta Eorpacha, an smacht reachta, an tslándáil’
——————
Ba é an t-athrú aeráide an mórphointe ag déanamh imní do na rannpháirtithe, agus iarradh ar an AE infheistíocht a dhéanamh i ngníomhú ar son na haeráide. Cuireadh béim ar an ngá le bearta praiticiúla chun leas ainmhithe agus an tacaíocht atá ar fáil dóibh siúd a chónaíonn i gceantair thuaithe a fheabhsú.
Painéal Saoránach Eorpach 3:
‘An t-athrú aeráide agus an comhshaol / an tsláinte’
——————
——————