Ainmhithe agus iad á niompar: an coiste fiosrúcháin tar éis teipeanna córasacha a léiriú (agallamh)
D’fhógair cathaoirleach an choiste fiosrúcháin de chuid na Parlaiminte go bhfuil gá práinneach le rialacha maidir le cosaint ainmhithe agus iad á niompar a chur i bhfeidhm mar is ceart.
Dúirt Tilly Metz (an Grúpa Glas, Lucsamburg), cathaoirleach an Choiste a bhí freagrach as an tuairisc, “go mbaineann an-tábhacht leis an leibhéal cosanta céanna a chinntiú i rith an túrais ar fad agus ainmhithe á niompar, lán chomh tábhacht le sraith rialacha amháin a chur i bhfeidhm do thiománaithe agus d’iompróirí maidir le hiompar trasteorann.”
——————