An claochlú digiteach
(03-01-2022)
Ghlac feisirí moltaí an 20 Deireadh Fómhair faoin gcaoi is fearr a bhféadfar intleacht shaorga a rialú chun tairbhe don nuálaíocht, do chaighdeáin eitice agus d’iontaoibh sa teicneolaíocht.
Tá Parlaimint na hEorpa ar cheann de na chéad insititiúidí a bhfuil moltaí déanta acu faoinar cheart a bheith i rialacha maidir leis an intleacht shaorga a mhéid a bhaineann le heitic, dliteanas agus cearta maoine intleachtúla. Réiteoidh na moltaí seo an bealach don Aontas le bheith ina cheannródaí domhanda i bhforbairt na hintleachta saorga. Táthar ag dréim le togra reachtach ón gCoimisiún ar an ábhar i dtús na bliana seo chugainn.
——————