(le Liam Mac Cóil, Comhar, Eanáir 2021)
-——————————
Cén fáth go bhfuil cearta teanga phobal na Gaeilge á séanadh ó aimsir Anraoi a hOcht go dtí an lá atá inniu ann, a fhiafraíonn Liam Mac Cóil
-——————————
Chuir mé litir faoi bhráid an Choimisinéara Teanga mí na Nollag seo caite. Chuir an Coimisinéir cóip den litir sin ar fáil do Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Bhí mé an-bhuíoch den Choimisinéir agus de bhaill an choiste as oiread sin spéise a chur sa mhéid a bhí le rá ag scríbhneoir Gaeilge atá ag saothrú sa teanga le hos cionn leathchéad bliain anois agus a bhfuil imní air go mb’fhéidir go mbeidh an Ghaeilge imithe as mar theanga phobail sula mbeidh deireadh a chúrsa scríbhneoireachta sroichte aige.[…] Tá mé i mo chónaí i nGaeltacht Ráth Chairn agus táim ag iarraidh a bheith ag plé le ranna agus le hinstitiúidí Stáit i dteanga na tíre le blianta fada agus sin ag teip chomh mór sin orm go bhfuilim tuirseach spíonta ag an iarracht anois.
———————-