’sí an Ghaeilge an tseoid is gile de
(Blosc, Jan 3, 2021)
Cuireadh agallamh orm inniu faoinár dteanga i gcomhthéacs an iar-choilíneachais mar chuid de thionscnamh faoi choimirce Ollscoil Bhristó. Fuair mé na ceisteanna roimh ré agus b’éigean dom machnamh a dhéanamh ar ghnéithe de m’fhéiniúlacht a ndearn mé talamh slán díobh le tamall fada anuas – fiontar fiúntach do neacht ar bith a bhíonn ag tabhairt amach go rialta faoi chúrsaí teanga, staire agus polaitíochta. Cuireadh ina luí orm na ceisteanna a fhreagairt idir Ghaeilge agus Bhéarla, ach shíl mé gurbh fhiú cuid de mo smaointe a scríobh síos as Gaeilge ar mhaithe le leanúnaithe an bhlaig.
Cad is Éireannachas ann?
Is ionann é dar liom agus a bheith de bhunú na hÉireann, cé acu ó dhúchas nó de shliocht. Coincheap oscailte chan druidte atá ann. B’Éireannaigh iad Tomas Ó Cléirigh agus Séamus Ó Conghaile cé gur rugadh an bheirt acu thar lear. Éireannaigh iad fosta sliocht na n-imirceach ó Phortaingéil agus ón Pholainn ar chuir a dtuistí fúthu i mo bhaile dhúchais féin le scor bliain anuas agus Éireannaigh fosta sliocht na bplandóirí a tháinig chuig an cheantar céanna nuair a thit an seanchóras Gaelach. Ach tá daoine ann atá de bhunú na tíre seo a bhfuil náire orthu faoina n-oidhreacht, agus is iarsma an choilíneachais é sin. Is dócha gur chuir Diúc Wellington an friotal is fearr ar an fhéin-fhuath seo, nuair a mhaígh sé “má rugadh i stábla thú níl sin le rá gur chapall atá ionat”, ach ní gá duit ach Seoinín ar bith san Indo nó cifleog chaipitleach ar bith eile sa tSaorstát a léamh leis an mheon chéanna a aithint an lá atá inniu ann. Ní bhaineann Éireannachas mar a thuigim féin é leis an chiníochas ar chor ar bith, níl a leithéid de rud ann agus cine Éireannach nó fiú Gaelach – níl ann ansin ach truflais nó íomhá scáthánach den chiníochas a bhain leis an choilíneachas. Baineann mo chuid Éireannachais le tuigbheáil staire de mo mhuintir, de mo chultúr agus de mo thír leis na mílte bliain anuas. Chonacthas tonnta na n-imirceach mar chuid de stair na tíre seo, ach ba rud oscailte é an fhéiniúlacht Ghaelach – próiseas athchultúraithe ina ligtear chugat agus uait. Ba hiad lucht an choncais nó an chéad dream a shéan an traidisiún sin agus a rinne iarracht ar chultúr na nGael a dhíothú. Níl le feiceáil faoi choilíneachas ach gabháil, bíonn léirscrios agus díothú de dhlúth agus d’inneach istigh i meon an choilíneachais. Sa chomhthéacs seo, is ionann Éireannachas agus diultú den choilíneachas mhídhaonna agus féiniúlacht i bhfad níos daonlathaí agus fulangaí a chur chun cinn.
____________