BLOSC – blag staire le Fearghal Mac Bhloscaidh
(Sept 28, 2020)
I measc rudaí eile, molann Mason athionchollú de fhronta pobail na 1930í don aois nua s’againn le dul i ngleic leis an bhagairt thiarnúil, ach i bhfírinne tagann an straitéis salach ar an anailís gheal uile atá le léamh trína chur síos ar struchtúr an gheilleagair agus an domhandú ach go háirithe. Dar leis sáraíonn bagairt an nua-fhaisisteachais ceist ar bith eile i láthair na huaire agus sa chomhthéacs seo thug Mason a thacaíocht do Keir Starmer mar cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre agus i bhfírinne táirgíonn sé léargas doirbh ar fad faoinár dtodhchaí. Ach ba cheart dúinn criticeas a dhéanamh ar an mholadh seo agus d’fhéadfaí ceachtanna ó thréimshe Fhronta an Phobail a úsáid lena dhéanamh.
Ar an chéad dul síos, ní thig le duine ar bith amharc ar stair Pháirtí an Lucht Oibre gan a rá go bhfuil Mason dall ar a anailís stairiúil féin.[...]
__________________