mardi, septembre 22, 2020

Liam Ó Flaithearta: Rogha Scéalta (Micheál Ó Conghaile a d'aistrigh ón mBéarla)

Liam Ó Flaithearta: 
Rogha Scéalta

Micheál Ó Conghaile
a roghnaidh agus a d'aistrigh ón mBéarla

Tá leagan Gaeilge de scéalta áirithe le Liam ó Flaithearta le fáil i nGaeilge anois ach ar roghnaigh, ar aistrigh agus ar fhoilsigh Micheál Ó Conghaile a rogha trí cinn is tríocha féin de ghearrscéalta an Fhlaitheartaigh.

Ainneoin gur mar scríbhneoir Béarla is mó a bhí cáil ar an Árannach Liam Ó Flaithearta (1896–1984) – na déaga d’úrscéalta agus beagnach dhá chéad gearrscéal – bhí tionchar nach beag ag an aon leabhar Gaeilge a d’fhoilsigh sé lena bheo, an cnuasach gearrscéalta Dúil (1953) Ríomhleabhar , ar léitheoirí Gaeilge. 

Sa leabhar nua seo tá Gaeilge curtha go paiteanta ag Micheál Ó Conghaile ar a rogha féin de scoth na ngearrscéalta, trí cinn agus tríocha, mar a gcíortar téamaí mar chruas agus ainnise shaol na n-oileánach Éireannach, ról na mban sa tsochaí sin, dearcadh suaithinseach Uí Fhlaithearta ar an gcléir agus ar an eaglais Chaitliceach, an spéis thar na bearta sa dúlra agus sa nádúr. Athshealbhú cruthaitheach don aonú haois is fiche.

Praghas: €15.00

Tá gach eolas le fáil ina thaobh 
______________________________
______________________________