vendredi, juillet 10, 2020

FÍSEÁN: Catherine Connolly - ‘Is deacair muinín a chur sna hairí mura n-aithníonn siad go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht’ (Tuairisc, Iúil 10 2020)


FÍSEÁN: Catherine Connolly - ‘Is deacair muinín a chur sna hairí mura n-aithníonn siad go bhfuil géarchéim sa Ghaeltacht’

Deir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur chuir sé ‘olc’ uirthi nár aithin ceachtar den dá aire Gaeltachta nua ina gcuid óráidí sa Dáil inné go raibh géarchéim sa Ghaeltacht

Tá sé curtha i leith airí nua na Gaeltachta gur easnamh mór ab ea é ar a gcéad óráidí sa Dáil nár luaigh siad ar chor ar bith géarchéim teanga na Gaeltachta.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, a bhí ina cathaoirleach ar choiste Gaeilge an Oireachtais le linn thréimhse an rialtais dheireanaigh, gur chuir sé “olc” uirthi nár aithin ceachtar den dá aire nua, Catherine Martin agus Dara Calleary, ina gcuid óráidí sa Dáil inné go raibh géarchéim sa Ghaeltacht.

Chuir Connolly fáilte roimh cuid dá raibh le rá ag Aire Stáit na Gaeltachta, Dara Calleary, agus ag an Aire sinsearach, Catherine Martin, ach dúirt sí go mbeadh sé deacair muinín a chur iontu mura n-aithneoidís go bhfuil géarchéim ann.

“An rud atá in easnamh ná comhthéacs agus cúlra. Níl aon chomhthéacs anseo, a airí, maidir le, mar shampla, an ghéarchéim atá sna Gaeltachtaí uilig ar fud na tíre. Níl aon aitheantas tugtha don ghéarchéim atá ann ó thaobh na teanga, agus cuireann sé sin olc orm i ndáiríre. Agus níor mhaith liom tús a chur le m’obair libhse i mbealach diúltach ach tá gá le haitheantas a thabhairt nuair atá sibh ag caint faoi chúrsaí airgid agus caiteachais.

“Mar a dúirt mé, is rud dearfach na figiúirí [na meastacháin Roinne] ach gan cúlra agus gan aitheantas don ghéarchéim atá ann, tá sé thar a bheith deacair muinín a bheith agam as an gcaiteachas seo,” arsa Catherine Connolly.

Mhol an Teachta Dála neamhspleách don Aire Meán, Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus Gaeltachta, Catherine Martin, go léireodh sí “ceannaireacht ón tús” agus go mbeadh a cuid óráidí i nGaeilge feasta.

Dúirt Catherine Martin go labhródh sí Gaeilge oiread agus ab fhéidir sa Dáil.

Tá roinnt ráiteas láidir déanta sa Dáil ag leascheannaire an Chomhaontais Ghlais faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht ó toghadh ina Teachta Dála ar dtús í in 2016.

Tá sí ar dhuine den bheagán Teachtaí Dála a bhfuil glactha acu leis go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt sí níos luaithe an tseachtain seo nach bhféadfadh “aon duine a shéanadh” go bhfuil géarchéim teanga sna ceantair “is laige” ó thaobh na teanga.


_____________________________