dimanche, juin 24, 2018

'Conaire Mór' - Diarmuid Johnson (Imbolc 2018)

Conaire Mór
Diarmuid Johnson
Leabhar Breac €16.00
104 lch; Clúdach Crua, ISBN 978-1-911363-12-5

Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — sceal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir mhacghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éirinn faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs.

"Athinsint ar scéal ó ré na Sean-Ghaeilge, tragóid atá inchurtha le Macbeth Shakespeare. Cé go bhfuil na carachtair agus na himeachtaí céanna againn sa leagan nuachumtha seo, tá Johnson tar éis insint úrnua a thabhairt dúinn, insint a gheofá ó úrscéalaí na haoise seo a bhí ina sheanchaí oilte dhá chéad bliana ó shin." — Dennis King, blog 'Nótaí Imill'.

"Leabhar an-shuaitheansach. Athinsint shamhlaíoch chruthaitheach ar cheann de na scealta is tábhachtaí dá bhfuil aqainn ó litríocht na Sean-Ghaolainne." — Breandán Ó Cróinín, Léirmheas Leabhar TG4

“Sár-scríbhneoir is ea Diarmuid Johnson; is léir tuiscint dhomhain aige ar litríocht agus ar ghnáis na Gaeilge, ionas nach mbraithimid aon ní aduain ná tacar san athinsint.  Is fileata saibhir an prós aige, agus éiríonn leis saibhreas liteartha agus rithimí an bhunshaothair a shlánú. Ó thosach deireadh beidh idir iontas agus aoibhneas ar an té a léifidh an leabhar seo, agus ina theannta sin beidh tuiscint níos fearr aige ar thraidisiún liteartha na nGael.” — Tadhg Ó Loingsigh, FEASTA

“Beidh an léitheoir faoi dhraíocht ag an leabhar suntasach seo, agus tá Leabhar Breac le moladh go hard as an dúthracht atá caite acu le réiteach agus le cur i láthair an leabhair. Cuidíonn an dearadh ar ardchaighdeán go mór chun an scéal spleodrach a chur go bríomhar i láthair an léitheora, agus tá dul na Gaeilge san insint nua seo le moladh.” — Moltóirí an Oireachtais
________________________
________________________

Sliocht as CONAIRE MÓR á léamh ag an údar, Diarmuid Johnson
____________________________________
______________________________________
Tuatha Dé Danann
Diarmuid Johnson
Leabhar Breac €16.00
120 lch, clúdach crua, ISBN 978-1-911363-20-0

Is le misneach mór, le héirim aigne, agus le feabhas a gcuid draíochta a bhain Tuatha Dé Danann seilbh na hÉireann de na Fir Bolg fadó, agus is le dícheall agus le díograis na dtréanfhear agus na ndeithe a shéan siad ceannas an oileáin ar na Fomhóraigh lá ab fhaide anonn.

Athinsint bhreá bhríomhar atá sa leabhar seo ar theacht Thuatha Dé Danann, scéal a bhaineann le dúchas na nGael agus le flaitheas na hÉireann.

Scéal flaithiúnais, scéal dúchais, scéal ársa agus scéal nua — sin é atá i scéal na n-eachtraí faoi mar atá inseacht agus aithris orthu sa leabhar beag eipiciúil seo. Cé mar a baineadh an ghéag de Nuadha, cérbh é Lugh Lámhfhada, cén tairngreacht do Bhalar na Súile Nimhe, agus cén bhandáil a bhí ag an Daghda cois Éirne?

Is as na seanleabhair léinn a bhain an t-údar freagraí na gceisteanna seo, ceisteanna faoi ghnéithe den réamhstair atá faoi bhrat ceo leis na céadta bliain. Teacht agus imeacht na dTuatha Dé Danann is ábhar agus is téama don leabhar. Sin, agus an chéad lá ar leag clanna Gael cois ar chladaí Inse Fódla.
______________________________________