jeudi, avril 05, 2018

Comhdháil ar an Ghaelscolaíocht i mBéal Feirste (Meon Eile)


Comhdháil ar an Ghaelscolaíocht i mBéal Feirste
Bhí comhdháil ar an Ghaeloideachas ó thuaidh ar siúl i gColáiste Feirste ar na mallaibh le réimse cainteoirí i láthair mar aon le seastáin eolais ó eagrais éagsúla teanga.

Le blianta anuas tá fás tar éis teacht ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna, nó atá ag iarraidh freastal ar Ghaelscoileanna, go háirithe sa tuaisceart agus ní mór riar don éileamh sin dá réir.

Chuaigh Meon Eile chuig an mheánscoil in iarthar Beál Feirste chun bualadh le cuid acu siúd a bhí páirteach sa lá - ina measc múinteoir áitiúil, ionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge agus an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill.
_______________________________