vendredi, mars 30, 2018

20 Bliain ar aghaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta (Aisling Nic Eoin, Meon Eile)


20 bliain ó shin ar an 10 Aibreán 1998, síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta. Ba chomhaontú é idir páirtithe an tuaiscirt agus rialtais na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe.

Ar an 22 Bealtaine 1998 glacadh leis an Chomhaontú i bhfoirm reifrinn ó thuaidh agus ó dheas. Ó thuaidh, chaith 71% de dhaoine vóta ar son an chomhaontaithe. Buanithe ar an chomhaontú sin cuireadh tionól cineachta an Tuaiscirt.

Anois scór bliain níos moille tá neart plé ar siúl faoin Chomhaontú agus an dúshlán atá roimhe mar gheall ar imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach. 

Níl Tionól Chnoc an Anfa ag feidhmniú faoi láthair agus ní raibh ó thit an rialtas i mí Eanáir 2017 mar gheall ar chonspóid an RHI agus cearta teanga. Tá an Comhaontú faoi bhrú dar le cuid mhór daoine agus an comóradh 20 bliain á dhéanamh.

Labhair Meon Eile leis na hiriseoirí Póilín Ní Chiaráin, Eamonn Mallie agus Ciarán Ó Pronntaigh le cuimhneacháin s’acusan a fháil ar an tréimhse sin.
________________________________________