vendredi, janvier 05, 2018

Corpas Stairiúil na Gaeilge: Stephen McGuigan (Meon Eile)


Corpas Stairiúil na Gaeilge
Stephen McGuigan, Meon Eile, 03 Jan 2018

Ar na mallaibh sheol Acadamh Ríoga na hÉireann tionscadal ceannródaíoch digiteach inar cuireadh thart ar 3,000 téacs Gaeilge ó 1600 go 1926 ar fáil go poiblí.

Is corpas mór litríochta agus filíochta ó fhoinsí clóite agus lámhscribhinní é agus is féidir cuardach a dhéanamh ar cheannfhocal agus torthaí a fháil dá réir; mar shampla má chuardaíonn tú an focal bád gheobhaidh tú torthaí ar nós bhád, bádaibh, mbáid, báduighe, báidín, droch-bhád agus an iomad eile samplaí den fhocal leis an aon chuardach amháin.

Fuair Meon Eile deis bualadh leis an Dr. Charlie Dillon as Tír Eoghain, a stiúir foireann an chorpais, lena thuilleadh a fháil amach faoin áis iontach seo.

Tá an corpas le fáil ar corpas.ria.ie.
____________________________________