lundi, décembre 18, 2017

'Stair a ceileadh orainn' le Anton Mac Cába (An tUltach)


Logainm Clár 3 An Dún: Treoraí Ciarán Dunbar (2015).
 - Is é cúrsaí éanlaithe atá á phlé sa clár seo.
___________________________________________
LÍTRIOCHT €7.50
Stair a ceileadh orainn
le Anton Mac Cába (An tUltach 13/12/2017)

Labhair Anton Mac Cába leis an iriseoir agus staraí as Contae an Dúin, Ciarán Dunbar

“Maidir le Contae an Dúin, ní hamháin gur mhair an Ghaeilge suas go lár an fhichiú haois – na seandaoine deireanacha mar a déarfá – ach tamaillín roimhe sin, bhíodh traidisiún iontach láidir ann. Bhí na lámhscríbhinní ann; bhí Gaeltacht agus mar sin de ann.

“Bhí paróistí ann, agus mheas John O’Donovan gur Ghaeltachtaí iad in 1838, nuair a bhí seisean ann. Protastúnaigh bunús na ndaoine a bhí, agus atá, ina gcónaí ansin. Agus labhair sé le daoine, Protastúnaigh, ar Gaeilge a bhí acu. Léiríonn sin an láidreacht a bhí ag an Ghaeilge.

[...] “Chuir seisean [an Dochtúir Mac Póilín] suim sa bhéaloideas agus sa Ghaeilge sna daichidí agus chuaigh sé thart agus labhair sé le daoine, agus bhí daoine ag rá, ‘Bhí Gaeilge ag m’athair mar ní raibh ach Gaeilge ag mo sheanmháthair,’ agus ní raibh Gaeilge ag an duine seo. Feiceann tú an briseadh cultúrtha, sóisialta sin: nach raibh garmhac ábalta labhairt leis na seantuismitheoirí.

[...] Níl daoine ar an eolas faoi seo “agus bheadh an-obair leis an mheon sin a athrú. Tá sé cosúil le ceantair i nGaeltacht na hAlban, mar ar mhair an Ghaeilge go dtí fiche bliain ó shin agus dearmad déanta ag daoine go raibh an Ghaeilge ann. Séanann daoine go raibh a leithéid sa cheantar.”
___________________________