jeudi, juillet 14, 2016

LÉIRMHEAS: Sásta leis an gCaighdeán nua, cé nach ndéarfadh duine ar bith beo ár gcuid oibre baile!

LÉIRMHEAS: 
Sásta leis an gCaighdeán nua, 
cé nach ndéarfadh duine ar bith beo 
ár gcuid oibre baile!
Tabharfaidh an leagan is déanaí den Chaighdeán Oifigiúil, a foilsíodh tráthnóna inné, dúshlán na n-ainrialaithe teanga…

Antain Mac Lochlainn
TUAIRISC, Déardaoin, Iúil 14 2016

An dea-scéal i dtosach: is fearr míle uair an foilseachán seo ná CO 2012. Athchuairt ar choinbhinsiúin na Gaeilge caighdeánaí atá ann. Tá an smörgåsbord foirmeacha scartha agus táite a cuireadh romhainn in 2012 bainte den chlár bia anois. Abair slán le ‘mholas, mholais, mholabhair’ agus ‘mholadar’. Tá gortghlanadh déanta ar an mhír dhiúltach ‘cha’, ar an bhriathar ‘chím’ agus ar leaganacha mar ‘níor chuaigh’ agus ‘gur chuaigh’.

[...] Thit mo chroí, mar sin, nuair a léigh mé samplaí mar ár gcuid oibre baile agus a ndóthain bia the. Bímis ionraic: ní déarfadh duine ar bith beo ár gcuid oibre baile. Nuair is í foirm an ainmnigh atá á moladh ina oiread sin comhthéacsanna eile, shílfeá nár dhochar an rogha a thabhairt do scríbhneoirí amhrán ceol tíre a scríobh seachas amhrán ceoil tíre. Mo thrua an múinteoir a chaithfidh a mhíniú cad chuige a bhfuil roinnt arán cruithneachta inghlactha nuair atá toirmeasc ar blas arán cruithneachta

___________________