vendredi, septembre 11, 2015

Thóg an fear seo teach...

Thóg an fear seo teach...
Ar an uaigneas in Albain 
a chríochnaigh George Orwell 1984
Breandán Delap (29 July 2015)

Ní dócha go mbeadh oiread ratha ar an úrscéal 1984 dá mba rud é gur chloígh an t-údar George Orwell lena rún ‘The last man in Europe’ a thabhairt air.

Ach don té a thugann cuairt ar Chnoc an tSabhail ar Oileán Diùra na hAlban an áit inar scríobhadh an leabhar cáiliúil úd, ba dhoiligh smaoineamh ar theideal níba fhóirsteanaí dó.

Óir roghnaigh Orwell dul i mbun pinn i gceann de na háiteanna is scoite amach ar cheann de na hoileáin is iargúlta san Eoraip.


_____________________