mardi, avril 14, 2015

Foclóir Gàidhlig-Gaeilge foilsithe ag an Ollamh Kevin Scannell ar líne

Foclóir Gàidhlig-Gaeilge foilsithe ag an Ollamh Kevin Scannell ar líne
Dírithe ar Ghaeilgeoirí ar mhian leo an Ghàidhlig a fhoghlaim atá an foclóir nua

Maitiú Ó Coimín
Dé Céadaoin, Aibreán 1 2015

Tá sé fógartha ag an Ollamh Kevin Scannell ar Twitter go bhfuil foclóir Gàidhlig-Gaeilge déanta aige. D’eascair an foclóir seo as obair atá á déanamh ag an Ollamh Scannell ar chóras aistriúcháin uathoibríoch Gàidhlig -> Gaeilge.

“Bhí dhá chéim ann; corpas mór aonteangach Gáidhlig a chur le chéile ó théacsanna ar an nGréasán, agus na ceannfhocail Ghàidhlig a roghnú as na focail is minice sa chorpas sin. Clúdaíonn na 16,000 ceannfhocal san fhoclóir níos mó ná 97% de na focail i ngnáth-théacsanna Gàidhlig.

“Ansin cuireadh corpas dhátheangach Gaeilge-Gàidhlig le chéile – is é sin abairtí taobh le taobh sa dá theanga. Fuair mé na habairtí ó go leor foinsí éagsúla – an Bíobla, gearrscéalta, filíocht, aistriúchán ar bhogearraí, ailt na Vicipéide srl. Ó chorpas dátheangach is féidir leis an ríomhaire na focail i dteanga amháin a fhreagraíonn d’fhocal sa teanga eile a aimsiú,” a mhínigh Scannell.

Oibríonn córas Google Translate ar an mbonn ceannann céanna agus is éifeachtaí i bhfad é nuair a bhíonn an dá theanga cosúil lena chéile mar atá Gaeilge na hÉireann agus na hAlban.

Ní hé seo an chéad iarracht a leithéid d’fhoclóir a fhoilsiú – chuir Ciarán Ó Duibhín a Ghluais Albanach–Éireannach le chéile deich mbliana ó shin. Bhunaigh an Duibhíneach a ghluais siúd ar ailt, amhráin agus filíocht Ghàidhlig a foilsíodh ar an nuachtán . Mar a mhínigh sé ina réamhrá, áfach, is orthu sin amháin atá an ghluais bunaithe agus mar sin ní foclóir críochnúil í.

“Tá rogha na bhfocal bunaithe go hiomlán ar na píosaí seo agus is iad na cialla a fuarthas iontu a thugtar. Mar sin de, ní míniú iomlán ar na focail Albanacha a gheofar; ach nuair a thagann Éireannach ar fhocal acu seo le linn a léitheoireachta, agus mura dtuigeann sé é, ba chóir go mbeadh sé ina chuidiú aige na leaganacha Éireannacha a thriail ina áit,” a scríobh sé i mbrollach na gluaise sa bhliain 2005.

D’úsáid Kevin Scannell an ghluais seo chomh maith le hacmhainní, cúnamh agus fuair sé comhairle ó shaineolaithe; Michael Bauer, Donncha King agus Caoimhín Ó Donnaíle ina measc.

Dúirt sé le Tuairisc.ie go gcreideann sé go bhfuil a fhoclóir agus an t-ábhar atá istigh ann cruinn anois, ach go bhféadfaí cur leis.

“Ar ndóigh, is féidir cur le foclóir i gcónaí, agus leanfaidh mé ar aghaidh ag cur focal nua leis mar chuid den obair ar an gcóras aistriúcháin. Is fiú a rá freisin, cé gur chuir mise “foclóir” air, níl ann ach “gluais” – níl mórán frásaí ann, ná abairtí samplacha mar shampla,” a dúirt sé.

Dírithe ar Ghaeilgeoirí ar mhian leo an Ghàidhlig a fhoghlaim atá an foclóir nua. D’fhás an córas aistriúcháin Gàidhlig -> Gaeilge as obair a  rinneadh cheana ar “caighdeánaitheoir” Gaeilge – ríomhchlár a dhéanann caighdeánú uathoibríoch ar théacsanna Gaeilge ó na 20idí agus 30idí. Creideann Scannell go gur féidir le lucht na Gaeilge tuiscint mhaith a fháil ar an nGàidhlig gan mórán stró. Chuir sé an t-inneall taobh thiar den chaighdeánaitheoir in oiriúint do Ghàidhlig-Gaeilge.

“As na míle focal is coitianta i nGàidhlig, níl ach 100 nach bhfuil soiléir do chainteoir maith Gaeilge. Tá na cinn sin marcáilte san fhoclóir. Má fhoghlaimítear na 100 focal sin, is féidir 85% de na focail i ngnáth-théacsanna Gàidhlig a thuiscint. Rinne mé obair ar chóras GA -> GD blianta ó shin, ach mar gheall ar chúrsaí teicniúla, tá sé i bhfad níos éasca aistriúchán uathoibríoch a dhéanamh ón teanga níos lú go dtí an teanga níos mó. Mar sin, níl plean agam faoi láthair filleadh ar an treo sin.

“Tá mé ag obair ar GV -> GA (Gaelg go Gaeilge) faoi láthair leis an inneall céanna. Arís, beidh sé dírithe ar chainteoirí Gaeilge atá ag iarraidh téacsanna sa Manainnis a léamh,” a dúirt sé.

Tá an-spéis ag an Ollamh Scannell, a bhíonn ag léachtóireacht sa ríomheolaíocht agus sa mhatamaitic in Ollscoil Saint Louis, Missouri, sna teangacha Gaelacha agus go háirithe sna difríochtaí eatarthu. Chuir sé an foclóir le chéile, a dúirt sé, chun go spreagfadh sé idirghníomhaíocht idir an dá phobail ar na meáin shóisialta.

Tá taighde déanta ag an Ollamh ar an idirghníomhaíocht sin agus ar na comhráite a bhíonn an idir Gaeilgeoirí agus Gáidhligeoirí ar Twitter. D’fhoilsigh sé léarscaileanna ar Twitter dhá bhliain ó shin a léirigh an teagmháil sin.

“Cheap mé go mbeinn in ann níos mó idirghníomhaíochta a spreagadh sna meain shóisialta le huirlisí aistriúcháin nó uirlisí léitheoireachta. Bhí mé spreagtha ag grúpaí cosúil le Colmcille agus CeangalG a bhfuil an sprioc chéanna acu – níos mó cumarsáid chultúrtha a chothú idir an dá phobal.”

Tá fáil ar an bhfoclóir mar PDF ANSEO. Is san fhoirm sin atá sé ar fáil faoi láthair agus ní féidir leagan clóite a cheannach. Tá sé ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons áfach agus dá bharr sin is féidir le héinne an leabhar a chóipeáil, a phriontáil, a roinnt, a fhoilsiú, a dhíol nó a úsáid mar bhunús dá chuid oibre féin.
Athbhlogaichte bho
__________________