mardi, avril 14, 2015

Ciarán Dunbar: Polaitíocht na Foghraíochta

Polaitíocht na Foghraíochta
Ciarán Dunbar 
(13 Aib. 2015)

Is fada plé a dhéanamh ar na cineálacha éagsúla Gaeilge a bhíonn á labhairt ag cainteoirí dúchais agus ag nuachainteoirí na teanga. An bhfuil scoilt ag oscailt idir Gaeilge dhúchasach agus caint na gcathracha? An ndéanann foghlaimeoirí go leor iarrachta chun fuaimeanna na Gaeilge a thabhairt leo? Téann Ciarán Dunbar go croí na ceiste…

Is minic a bhuail fear nó bean as Gaoth Dobhair le duine ar an bhóthar agus gur dhúirt an té sin; “Taa shay foor.” Ní dheachaigh an comhluadar ar aghaidh mórán níos faide agus is i mBéarla a bhí sé.

Gach seans gur glacadh mar mhasla é sin ach gach seans chomh maith nár thuig an cainteoir dúchais cad a dúirt an Gaeilgeoir ar an ábhar nár aithin sé nó sí na fuaimeanna.

‘Gaelscoilis’, ‘Gaeilge na Jailtachta’, ‘Feirstis’, ‘Pidgin Irish’, ‘Book Irish’ – is iomaí téarma atá againn do Ghaeilge ‘neamhthraidisiúnta’.

Ach tá mé den tuairim go bhfuil roinnt mhaith tuairimíochta polaitiúla i bhfolach taobh thiar dóibh, ní teangeolaíocht amháin atá i gceist.
______________