vendredi, avril 17, 2015

An bhfuil an Ghaeilge anois ina teanga den eite chlé?

An bhfuil an Ghaeilge anois 
ina teanga den eite chlé?
Ciarán Dunbar (23 Feab. 2015)

“Is mó Gaeilge a bhíonn ag an seandream ná ag an aos óg, in ainneoin an méid cainte a dhéantar faoi bhorradh an ghaeloideachais. Bíonn Gaeilge ag sean-sagairt agus ag sean-mhúinteoirí scoile. Bíonn Gaeilge, ar údar aisteach éigin, ag go leor as cathair Chorcaigh. Ní bhíonn Gaeilge ag muintir lár tíre. Bíonn Gaeilge ag lucht Chumann Lúthchleas Gael agus ní bhíonn ag lucht rugbaí. Bíonn níos mó Gaeilge ag fir ná mná. Bíonn Gaeilge (iontas na n iontas) ag Caitlicigh ó thuaidh agus ní bhíonn ag Protastúnaigh. Tá níos mó Gaeilge ar an eite chlé ná ar an eite dheis.” Gormfhlaith Ní Thuairisg (in Scéal Scéil : Rúndiamhra na Meán, curtha in eagar ag Breandán Delap)

An bhfuil an Ghaeilge anois ina teanga den eite chlé? Is é sin le rá, an bhfuil bunús ‘phobal na Gaeilge’ ar an eite chlé agus, más fíor é sin, an bhfuil impleachtaí ann?

Tá an Meiriceánach Séamus Ó Neachtain ar dhuine de na daoine is aitheanta ar an eite dheis i saol na Gaeilge mar gheall ar a bhlag, caomhach.blogspot.com.

Tá sé ina eagarthóir ar an iris Ghaeilge idirnáisiúnta ‘An Gael’ chomh maith.

Deir sé go bhfuil “tuairimí agus fíricí" le léamh ar a bhlag, “nach mbíonn le fáil aon áit eile as Gaeilge."

Chuir mé an cheist air, an aontaíodh sé gur teanga ‘forásach’ nó ‘fríth-chaomhach’ í an Ghaeilge anois, nó le bheith níos cruinne faoi, an mar sin atá pobal na Gaeilge i saol na linne seo?
__________________