mardi, février 17, 2015

‘Cinneadh i bprionsabal’ déanta leanacht leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach

‘Cinneadh i bprionsabal’ déanta ag an rialtas leanacht leis an maolú ar stádas na Gaeilge san AE – Ó Laighin
Déanfar cinneadh faoi dheireadh na bliana seo, a deir Roinn na Gaeltachta. Seasamh ‘rúnda dúnta’ ag an Rialtas, a deir Ó Laighin

le Maitiú Ó Coimín 
Dé Máirt, Feabhra 17 2015

Ag labhairt dó ag an gcomhdháil ar chearta teanga a d’eagraigh Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath inniu, thug Ó Laighin le fios go raibh sé faighte amach aige nach bhfuil sé i gceist ag an Rialtas a éileamh go gcuirfí deireadh leis an maolú.

“Is eol dom go bhfuil cinneadh i bprionsabal déanta ag an Rialtas gan deireadh a chur leis an maolú ar an nGaeilge. Cuirfear deireadh leis an maolú an 31 Nollaig 2016 agus déanfar an maolú a athnuachan 1 Eanáir 2017,” a dúirt an Dr Pádraig Breandán Ó Laighin.



_____________________