vendredi, décembre 05, 2014

“Bhur gcéad fáilte chuig Leagan Cainte…”

Painéal Leagan Cainte (ó chlé):
Seosamh Ó Cuaig, Liam Mac Con Iomaire, Eibhlín Ní Mhurchú 

agus an tOllamh Dónall Ó Baoill.
Ina sheasamh: Seosamh Ó Braonáin, Léiritheoir an chláir.
“Bhur gcéad fáilte 
chuig Leagan Cainte…”
Tá closleabhar le foilsiú ar an gclár raidió Leagan Cainte chun cabhrú le daoine teacht isteach ar na gnéithe is tábhachtaí d’fhoghlaim na teanga.

Kevin Hickey
Dé hAoine, Nollaig 5 2014

Tá breis agus deich mbliana anois ann ó tháinig deireadh leis an gclár raidió iontach Leagan Cainte, a chraoltaí gach aon seachtain ar Raidió na Gaeltachta.

Plé ar chora cainte, focail, foghraíocht agus a bhfuil de dhifear idir na canúintí beo Gaeltachta a bhí sa chlár.

Phléití freisin na difríochtaí idir na canúintí agus an scríobh caighdeánach [...]

Tá cead faighte le tamall agam ó Raidió na Gaeltachta trascríobh a dhéanamh ar mhíreanna éisteachta ón gcéad séasúr den chlár i dtreo is gur féidir liom leabhar agus dlúthdhiosca a fhoilsiú amach anseo a bheadh ar aon dul le leithéidí Ó Bhéal an Bhab agus Seoda ár Sinsear.

Beidh míniú ar leaganacha canúnacha ann don té nach bhfuil aige ach an Caighdeán Oifigiúil agus ceachtanna foghraíochta i ngach ceann de na canúintí le haghaidh foghlaimeoirí ar gach leibhéal. (Molfar do léitheoirí canúint a roghnú).



_____________________