jeudi, octobre 23, 2014

Ionsaí Ottawa: ‘Athraíonn seo beagnach achan rud’

Ionsaí Ottawa: ‘Athraíonn seo beagnach achan rud’
I ndiaidh eachtraí an lae inniu i gCeanada tá an phríomhchathair ina cíor thuathail go fóill. 
Tuairisc ó Ottawa.

Aralt Mac Giolla Chainnigh 
(Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 22 2014)

Tá tuairisceoirí de chuid Bhardas Chraolachán Cheanada (CBC, Canadian Broadcasting Corporation) ag maíomh anocht go “n-athraíonn sé seo beagnach achan rud”.

Ag 9:52 r.n. inniu léim fear óg amach as gluaisteán i lár na cathrach, agus scaoil sé urchar trí bhrollach garda ag séadchomhartha cogaidh i gceantar Chnoc na Parlaiminte.

Fuair an garda bás san ospidéal go luath ina dhiaidh.  Rith an fear gunna ansin go gluaisteán eile, agus thiomáin sé leathchiliméadar siar go Tithe na Parlaiminte.  Bhrúigh sé a bhealach isteach trí dhoras iontrála  a bhí faoi dhianslándáil, agus lámhaigh garda agus duine eile sular mharaigh an Sáirsint Eagair...



__________________________