jeudi, octobre 30, 2014

‘Googly Gaeilge’ agus ‘Bí uisce cliste’

‘Googly Gaeilge’ agus ‘Bí uisce cliste’
FRIOTAL – Is é an donas ar fad mar atá Google Translate i ndiaidh greim gnáis a fháil ar eagraíochtaí na hearnála poiblí. Dar leo gur Dia a chuir chucu an bréagán seo le go mbeidh siad ábalta tic a chur i mbosca an dátheangachais

Antain Mac Lochlainn (Deireadh Fómhair 30 2014)

Is é mo laoch Ivan Connaughton, iarrthóir Fhianna Fáil san fhothoghchán i Ros Comáin/Liatroim Theas. Chuir fuarchúis agus faillí an Rialtais a oiread sin feirge air gur chuir sé peann le pár, nó méar le méarchlár, agus chuir a racht de go fileata:
Tá an teanga neamhaird a léiríonn an easpa measa críochnaithe tá sé ar siúl i ag an rialtas. Mar shampla, a cheapadh mar Aire Gaeltachta Joe McHugh, TD, nach bhfuil líofa sa Ghaeilge, bhí nach bhfacthas riamh roimhe.
Gearán faoi lagchumas Gaeilge a scríobhadh i mBéarla (is cosúil) is a cuireadh trí inneall aistriúcháin Google – is i ré na hiar-íoróine a mhairimid gan amhras.



________________________