jeudi, octobre 16, 2014

Cad a tharla dom? - Michael Ignatieff agus an Fortuna Fuarchúiseach

Cad a tharla dom? - Michael Ignatieff agus an Fortuna Fuarchúiseach
John Paul McCarthy

‘Thig an fhírinne amach ar deireadh’ a bhí mar sheanfhocal sa teanga seo chomh maith le teangacha eile. Bhí John-Paul Mc Carthy ag léamh cuntas amháin den chineál sin ó láimh an Cheanadaigh, Michael Ignatieff.

Ní minic a fhoilsítear leabhar a bhaineann le botúin agus le teipeanna an údair féin. Sa rannóg liteartha chúng sin, rannóg na mbotún, d’fhéadfaí Henry Adams a lua. (Agus é ag cuimhneamh ar na laethanta a chaith sé mar iriseoir óg, scríobh “the chances of ending in the gutter were, at best, even”). Rinne an scríbhneoir Astrálach Don Watson iarracht speisialta teip a fhostóra Paul Keating san ollthoghachán i 1996 a mhíniú freisin ina Recollections of a Bleeding Heart: A Portrait of Paul Keating PM. Chuir Watson an milleán ar lagar spride Keating fé 1996 mar aon lena mhórtas pearsanta agus a easpa smachta. (“Paul Keating is a kind, charming and very intelligent man who would risk his own life to save yours or to get an unwanted crease out of his trousers”). Agus fuarthas mea culpa eile ó Robert Mc Namara, iar-rúnaí cosanta le linn ré Kennedy agus Johnson, ina leabhar, In Retrospect, ach go háirithe ó thaobh Vítneam de. (“We were wrong, terribly wrong…”).

Anois, is féidir linn iarracht eile a chur isteach sa rannóg liteartha seo, ’sé sin Fire and Ashes: Success and Failure in Politics (Harvard U.P.) ó Michael Ignatieff. Scoláire, iriseoir agus pearsa teilefíse sa Bhreatain sna hochtóidí is ea Ignatieff, ach ball d’uaisleacht pholaitiúil Cheanada is ea é freisin.

Leugh an t-aiste slàn
___________________