jeudi, octobre 09, 2014

Bu chòir fós!

Bu chòir fós!

Arna chéadfhoilsiú ar An tUltach

Labhair Anton Mac Cába le beirt Ghael in Albain faoin reifreann.

Agus Reifreann an Neamhspleáchais in Albain thart, labhair mé le Gaeil i nGlaschú agus in Inse Ghall. Chaith Gaeil na hÉireann vóta ar son an neamhspleáchais: thug an tromlach i nGlaschú agus Dùn Dè, an dá chathair is mó mar a bhfuil Caitlicigh de bhunadh na hÉireann, vóta ar son ‘bu chòir’. Pobal seo a bhí nasctha le Páirtí an Lucht Oibre – ach nach bhfuil níos mó.

Is scannánóir, oibrí tógála agus Gaeilgeoir as Árainn Mhór é Tony Early, a bhfuil cónaí air i nGlaschú le tamall de bhlianta. Ón aithne atá aige ar phobal Dhún na nGall i nGlaschú, dar leis gur thug a dtromlach vóta dearfach sa reifreann.

Tá dóchas acu go bhfuil ola ag an tír, a d’fhágfadh go mbeadh Albain ábalta seasamh ar a bonnaibh.

“Tá siad tuirseach faoin dóigh a bhfuil an rialtas…

Bunleagan (1,081 focal eile)

Le taing don Tuairisceoir
________________________