mardi, octobre 21, 2014

An tAontas Eorpach ag lorg aistritheoirí Gaeilge

Wiki
An tAontas Eorpach ag lorg aistritheoirí Gaeilge
Tá dea-scéala ann d’aistritheoirí Gaeilge. Tá Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh ag iarraidh aistritheoirí a earcú ar chonarthaí sealadacha a mhairfidh trí bliana ar a mhéad. Sa Bhruiséil a bheidh na haistritheoirí ag obair. Foilsíodh an Glao ar Iarratais Dé Luain an 6 Deireadh Fómhair 2014 agus tá go dtí an Aoine an 14 Samhain 2014 ag daoine chun iarratas a chur isteach.

Tá dálaí maithe oibre agus tuarastal an-mhaith (breis agus €4000 sa mhí) ag gabháil le post mar aistritheoir sa Choimisiún Eorpach.

Is í an Bhruiséil ardchathair na hEorpa. Tá sí faoi fhad uaire go leith den Fhrainc agus den Ísiltír. Ní fada uaithi Lucsamburg ná an Ghearmáin ach a oiread, agus an té ar maith leis an traein mhear ní fada uaidh Londain. Tá seirbhís laethúil eitiltí díreacha idir Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an Bhruiséil.

Cathair ilteangach, ilchultúrtha is ea an Bhruiséil. Thar aon ardstiúrthóireacht eile sa Choimisiún is é a dhála céanna sin ag Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin é, tharla go bhfuil lucht labhartha 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, agus tuilleadh, cruinn in aon ardstiúrthóireacht amháin. Parthas is ea é ag an té ar suim leis teangacha.

Luaitear sa Ghlao ar Iarratais na cáilíochtaí a chaithfidh bheith ag iarrthóirí. Bheadh taithí ar an aistriúchán (taithí a bhfuil fianaise uirthi), cáilíochtaí i dteangacha nó cáilíochtaí san aistriúchán, ina mbuntáiste; ach ní gá d’iarrthóirí cáilíochtaí acadúla san aistriúchán a bheith acu.

Iad siúd a bhfuil mianach aistritheora iontu, moltar dóibh an Glao ar Iarratais thíos a léamh.

Ní foláir na hiarratais bheith istigh faoin Aoine an 14 Samhain 2014.

An glao ar iarratais:

http://ec.europa.eu/dgs/translation/workwithus/staff/temporary/documents/call_temporary_translator_irish_ga.pdf

Tuilleadh eolais:

Físeán – spléachadh ar shaol an aistritheora sa Choimisiún Eorpach: https://www.youtube.com/watch?v=nkEJza_pd0o

Facebook: https://ga-ie.facebook.com/aistritheoir

Twitter: @translatores https://twitter.com/translatores (#aistritheoir)

____________________________