mercredi, septembre 03, 2014

Lucht ‘Tá’ ag dul i dtreis in Albain, lucht ‘Níl’ lagmhisneach


Lucht ‘Tá’ ag dul i dtreis in Albain, lucht ‘Níl’ lagmhisneach

Léirigh pobalbhreith nua aréir ó Sun, / YouGov go bhfuil an vóta do lucht ‘Níl’ i reifreann Albain ag titim go suntasach. Dar leis an phobalbhreith úr ó Sun, YouGov, a bhíonn ag léiriú níos lú tacaíochta de ghnách do lucht ‘Tá’ ná aon phobalbhreith eile, tá ceannasaíocht lucht ‘Níl’ tite ó 16% go 6%. Rud a chuir iontas ar lucht tacaíochta ‘Níl’ agus buairt orthu go bhfuil an dlús faoi lucht ‘Tá.’ Léiríonn an pobalbhreith nua go bhfuil lucht ‘Tá’ ar 47% agus lucht ‘Níl’ ar 53%.

Nóta Tráchta -
Séamus macseáin, Béal Feirste 02.09.2014
Tá an Sun i gcoinne neamhspleáchas do Albain mar sin d’fhéadfá a shamhlú gur scéal é seo, le lucht “NÍL” a spreagadh le theacht amach agus guth a chaitheamh. Má tá aon chiall acu sin atá ar son neamhspleáchais ní thabharfaidh siad aird ar bith air. Má’s maith le lucht “Tá” cairde a ghnothù chucu féin d’fhéadfadh siad a fhógairt ós ard go bfuill George "an bhéil mhóir" Galloway i gcoinne neamhspleáchas do Albain chomh maith. An Sun agus Geordie cóir in aon leaba, caithfidh gur fiú cúpla bhóta é sin am ar bith!!

http://www.nuacht24.com/nuacht/lucht-ta-ag-dul-i-dtreis-in-albain-lucht-nil-lagmhisneach/#sthash.bAAKT9QS.dpufu
________________________________