mardi, février 25, 2014

Feachtasaíocht riachtanach sa troid in aghaidh straitéis ‘Scoilt agus Smachtú’


Feachtasaíocht riachtanach sa troid in aghaidh straitéis ‘Scoilt agus Smachtú’
le Feargal Mac Ionnrachtaigh, Nuacht 24
     Is meascán de mhearbhall, fearg agus díomua atá ar Phobal na Gaeilge le mí anuas agus muid ag teacht i dtaithí ar chinneadh thubaisteach Foras na Gaeilge. Cuirfidh seo deireadh le bunmhaoiniú roinnt eagraíochtaí sna sé chontae, agus ar fud an oileáin mar chuid de phróiseas fhada cuíchóirithe atá beartaithe ag an stát ó dheas ó bhí 2009 ann.
     Mar b’iondúil le próiseas ‘scoilt agus smachtú’ a bhrúitear ón bharr anuas, treoraítear mórchuid na feirge i dtreo geatóirí, cuntasóirí pónairí agus meánleasóirí an fhorais féin.  Mar sin féin, caithfear comhthéacs na gciorruithe stáit sna sé chontae fichead a aithint mar príomhthiománaí an tslaid.
     Nuair a thit an tóin as an Tíogar Cheilteach in 2008, gheall an t-Aire Gaeltachta ó dheas, Eamon Ó Cuív do na móruaisle go dtiocfadh leis ‘sábháiltí suntasacha’ a dhéanamh tríd grúpaí Gaeilge a chónascadh le chéile agus a scor. Níorbh ionadh is dócha i ndiaidh glúnta fada don bhéal bhán agus cur i gcéill gur roghnaíodh pobal na Gaeilge don scuaine d’íobartaigh leochaileacha a a chinntigh talamh slán do bhaincéirí agus lucht mórchearrbhachais eacnamíochta.
     Tiomnaithe ag cur chuige nua-liobrálach an Thatchereachais, rinneadh neamhaird ar athbheochan agus claochlú pobail agus ina n-áit leagadh béim ar ‘spriocanna feidhmíochta’, ‘targaidí inthomhaiste’, ‘torthaí’ agus araile. Is mar gheall air seo a tháinig treoir ón Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas ( CATT) i mí na Nollag 2009 d’Fhoras na Gaeilge chun atheagar a dhéanamh ar earnáil dheonach na Gaeilge tríd ‘cuíchóiriú’ a bhrú uirthi ar mhaithe le ‘cost-éifeachtúlacht’.
     Ainneoin nach raibh díograiseoirí teangan in éadan athstruchtúrú a dhéanamh ar mhaithe le luacháil chuí ar sheirbhísí agus acmhainní s’againne, is in éagmais aon taighde nó iniúchadh cuimsitheach ar obair agus fiúntas reatha na n-eagraíochtaí, gan trácht go fiú ar phleanáil teanga, gur mhol Foras na Gaeilge ‘scéimeanna’ in 2011, a bhí le fógairt i bpróiseas iomaíoch agus ‘Samhail Nua Mhaoinithe’ a chuirfeadh deireadh leis na 19 eagraíocht bunmhaoinithe Gaeilge ar fud an oileáin ar mhaithe le roinnt ceanneagraíochtaí.
     Nuair a ghlactar seo ar fad san áireamh, is ábhar iontais gur éirigh leis na grúpaí cupla sínte ama, ‘comhairliúcháin’ poiblí agus ‘stay of execution’ de chúpla bliain a fháil, inár cuireadh ciorruithe fiochmhara i bhfeidhm, sular brúadh mórámh na loinge go tóin poill in Mí Eanair 2014 le samhail maoinithe nua den chineál céanna fógraithe.
     Is fríd chur chuige scoilteach, clasaiceach ar aontaíodh ar 6 ‘ceann-eagras’ agus a gcuid ceannasaithe le suí ar ‘Fhóram’ le hionadaithe ó gheatóirí an Fhorais féin, chun ‘Ré úr’ don Ghaeilge a chinntiú! Suíocháin ag an bharrthábla chun ról speisialta a thabhairt do mhionlach ceaptha a chinnteoidh díchumhachtú an phobail agus a chuirfeas guth neamhspleách don earnáil mhaoinithe teanga i mbaol.
     Úsáideadh reitric agus baothchaint ‘uile-Éireann’ chun dallamullóg a chur ar roinnt polaitieoirí neoid gur múnla níos éifeachtaí atá i ndán dúinn. Léiríonn aon anailís fhuarchúiseach, áfach, gur ag buanú an chríochdheighilteachais a bheas an múnla úr le gach ceanneagraíocht, agus an príomhthionchar a bhronnfar orthu, fréamhaithe don mhórchuid timpeall ciorcal órga Bhaile Átha Cliath.
     Cúig bliana déag i ndiaidh Comhaontú Aoine an Chéasta agus trí bliana déag ó bunaíodh an Foras féin, tá gach cuma ar an scéal gur éirigh le státseirbhísigh an tsaorstáit, le comhar ó pholasaí suanshiúil an ranna DCAL, muid a bhrú ar ais i dtreo an sean-status quo nuair a rialaigh Bord na Gaeilge leis an ‘tuaisceart dubh’ mar fhonóta sa léarscáil.
     Bhí an stádas teoranta a fuair pobal na Gaeilge ó thuaidh tríd an Fhoras tras-teorann tábhachtach mar go dtug sé deis infrastruchtúir fhisiciúla a thógáil le hoifigí, tograí agus oibrithe lonnaithe ar an talamh. Tús a bhí ann i stát coimhthíoch inár fhulaing an teanga de bharr naimhdeas foscailte agus géarleanúint reachtaíochta thar tréimhse 75 bliain, áit ar mhair sí in ainneoin an stáit trí ghníomhaíocht dheonach a thionscnaigh réabhlóid pobalbhunaithe an Ghaeloideachais.
     I ndiaidh trí bliana déag d’aitheantás, níl amhras ach go bhfuil an obair seo ar tús cadhnaíochta agus é ag tógáil saineolais, dea-chleachtais agus dúshraithe bíodh is gurbh éigean maireachtáil i dtosca sáiniúla ina bhfuil naimhdeas foscailte an aontachtachais pholaitiúil ag coinneáil cos ar bolg ar phobal na Gaeilge go fóill. Le maoiniú bainte ó eagraíochtaí cosúil le POBAL, Forbairt Feirste, Altram agus Iontaobhas Ultach, tá éiginnteacht fhollasach ann arís d’acmhainní na teanga  sa stáitín seicteach ó thuaidh ina bhfuil dioscúrsa an ‘dea-chaidrimh’ agus ‘todhchaí roinnte’ in úsáid chun pobal na Gaeilge a choinneáil in áit na leathphingine.
     Aithníodh seo ag leibheál idirnáisiúnta an lá sular fógraíodh an slad ar na grúpaí Gaeilge ó thuaidh nuair a dhearbhaigh Comhairle na hEorpa go raibh ag teip go hiomlán ar fheidhmeannas Stormont maidir le cothrom na féinne don Ghaeilge i réimsí tábhachtacha ar nós an oideachais, sna meáin chumarsáide, sna cúirteanna, agus  i gcomharthaíocht phoiblí.
     Tá cáiníocóirí agus saoránaigh an tuaiscirt i dteideal cothrom na féinne agus luach airgid d’ infheistíocht stáit i dtaobh na Gaeilge. Tá muid i dteideal infrastruchtúir teanga a dhéanann freastal ar mhianta s’againne mar phobal labhartha teanga le riachtanais agus cearta. Ciallaíonn seo postanna, tograí, oifigí, acmhainní agus grúpaí láidre, cumasacha lonnaithe ó thuaidh. Sa ghearrthréimhse, caithfeár troid ar son na bpostanna agus acmhainní reatha atá i mbaol ach aithint nach seo ach an tús agus cath fadtéarmach, leathan le forbairt sa tréimhse amach romhainn.
     Is trathúil go bhfuil na hionsaithe seo ag tarlú agus aeráid úr feachtasaíochta ag forbairt sa dlínse dheisceartach le mórshiúil spreagúil díreach i ndiaidh titim amach ar an satharn seo caite, 15 Feabhra agus 10,000 Gaeil ag déanamh athghabháil ar phríomhchathair na tíre. Síníodh an spotsholas ar chaimiléireacht agus cur i gcéill an Rialtais ó Dheas i dtaobh na Gaeilge. Le tacaíocht stáit don Ghaeltacht ar an dé deiridh, an Coimisinéir Teanga ag éirí as a phost agus bréagstraitéis na Gaeilge ‘i dtraipéisí’, tháinig réimse leathan Gael le chéile go díongbháilte ag beartú troda.
     Athmhuscailt pholaitiúil a bhí ann do Phobal na Gaeilge ar scala náisiúnta a chur béim fosta ar an neamart córasach a fhulaingíonn na Gaeil sa staitín seichteach ó thuaidh in eagmáis aon chosaint reachtúil.
     Léiríodh go sonrach go bhfuil feachtasaíocht logánta, dírithe le déanamh anseo ó thuaidh i gcomhthéacs idirdhealuithe an stáit sheictigh, ach é sin bheith fréamhaithe sa troid náisiúnta céanna atá á bheartú ag pobail ar fud na tíre ar son athghabháil na Gaeilge.
Is ag eascairt ón loighic streachailte seo ar fógraíodh móshiúil eile do Bhéal Feirste ar an 12 Aibreán chun ‘tógáil ar an tonn fuinnimh ar a bhfuil muid faoi láthair agus é a thiontú ina rabhartha dostoptha, ina phobal bródúil, aontaithe, oscailte, lán dlúthpháirtíochta, grá agus spraoi’ mar a dhéarbhaigh éagarfhocal Nosmag.
     Más rud é go bhfuil tuar le teacht faoi thairngreacht an ‘ré úr’ a gealladh dúinn, ní foláir dúinn cultúr streachailte a fhorbairt ón bhun aníos a thógann gluaiseacht agus a ardaíonn ár nguthanna, a éilíonn ár gcearta, a chosnaíonn ár gcuid seirbhísí, agus a chuireann dúshlán ceart roimh straitéis ‘scoilt agus smachtú’ an dá stát teipthe in Éirinn.
Bun-alt AN SEO
______________________