dimanche, juillet 14, 2013

Bedell: Salm 119

SALM 119 (CXIX)
Is ann le Uilliam Bedell (1571-1642), Easbaig na Cille Mòire (i gcomhar le Muircheartach Ó Cionga agus Séamus de Nógla), a chaidh an Salm seo eadar-theangachadh gu Gàidhlig na h-Èireann (1640).

Millseachd agus tarbha bhriathar Dé, agus onóir na droinge do leanus é.

ALEPH.
IS beannuigh an drong atá iomlan a slighe, noch shiubhlas a ndligheadh an TIGHEARNA.
2 Beannaigh an lucht choimhéadas a fhiadhnuiseadha, iarras é lé croidhe iomlán.
3 Mar an gcéadna ní dhéanaid éan olc : siubhluid iona shlighthibh :
4 Daithin tú haitheanta do chongmháil go grionghalach.
5 O nach bhfuilid mo shlighthe ar na ndíriughad chum do reachta do choimhéad !
6 Annsin ní bhía náire orum, a nuáir fhéuchfad dot aitheantaibhse uile.
7 Molfad thusa lé dioghruis croidhe, an tan do dhéanad breitheamhnus thfíréantachta dfoghluim.
8 Coimhéadfad do reachta : ó na tréig mé go hiomlán.

BETH.
9 Cred ré nglanfa duine óg a shlighe? ré bheith aireach do réir do bhréithresi.
10 Re mo chroidhe iomlán do lorguir mé thú : ná cuir air seachrán ód aitheantaibh mé.
11 Ann mo chroidhe dfoluigh mé do bhríathra, ionnus nach bpeacuighinn ad aghaidh.
12 Is beannuigh thú, a THIGHEARNA : teagaisg dhamh do reachta.
13 Re mo phuisínibh do chomháir mé breitheamhnus do bhéil uile.
14 Do gháirdighios a slighe thfíadhnuiseadh, mar budh ann a nuile shaidhbhrios.
15 Do dhéanad smúaineadh ann haitheantaibh, agus féuchfad go géar air do shlighthibh.
16 Glacfad áoibhneas ann do reachdaibh : ní dhearmodfad do bhríathra.

GIMEL.
17 Cúitigh lé do sheirbhíseach, go mairigh mé, agus coimhéadfad do bhríathra.
18 Fosguil mo shúile, agus do chífid neithe iongantacha as do dhlighthibh.
19 Is coigcríoch mé air an ttalamh : ná foluigh haitheanta orum.
20 Atá manam ag briseadh ré mían chum do bhreitheamhnuis gach uile uáir.
21 Do imdhearg tú an tuáibhreach atáíd malluigh, noch do ní seachrán ód aitheantaibhsi.
22 Athruidh uáimsi scannail agus tarcuisne ; óir do choimhéad mé thfíadhnuiseadh.
23 Do shuigheadar fós prionnsuighe do labhradar am aghaidh : do dhéana do sheirbhíseach stuidéur ad dhlighthibh.
24 Fós is íad thfíadhnuiseadh máoibhneas, daóine mo chomhairle.

DALETH.
25 Leanaidh manam don luáithreadh : béoghuidh mé do réir do bhréithre.
26 Do comháirimh mé a rís mo shlighthe, agus do chúala tú mé : teagaisg do reachta dhamh.
27 Tabhair orum slighthe haitheanta do thuigsin : agus do dhéanad smuáineadh ad oibreacha iongantacha.
28 Atá manam ag sileadh le doilghios : neartuigh mé do réir do bhréithre.
29 Athruigh uáim slighe na neimhfhírinne : agus áontuigh go grásamhuil dhamh do dhligheadh.
30 Do thogh mé slighe na fírinne : do chuir mé do bhreitheamhnuisi ós mo choinne.
31 Do ghreamuigh mé dot fhiaghnuisibh : a THIGHEARNA, ná náirigh mé.
32 Rithfiod a slighthibh haitheanta, mar fhairseongair mo chroidhe.

HE.
33 Teagaisg dhamh, a THIGHEARNA, slighe do reachta; coimhéadfad í go nuige a nfhoirchionn,
34 Tabhair tuigse dhamh, agus coimheadfad do dhlighe ; agus coimhlíonfad é le mo chroidhe iomlán.
35 Tabhair oram siubhal a ccasán haitheantadh ; óir is annsin atá mo dhúil.
36 Cláon mo chroidhe chum thfiaghnuiseadh, agus ní chum sainte.
37 Tabhair air mo shúilibh gabháil seacha ó dhíomhaoineas dfaicsin ; béoghuidh mé ann do shlighe.
38 Daingnidh do bhríathar dot sheirbhíseach, air a bhfuil heagla.
39 lompoigh uáim mo scannail noch is eaguil liom : óir is maith do bhreitheamhnuis.
40 Féuch, do bhí fonn agam ann haitheantaibh : béoghaidh mé ann thfíréantacht.

VAU.
41 Tigdís fós do thrócaireadha chugamsa, a THIGHEARNA, do shlánughadh, do réir do bhréithre.
42 Agus fregéora mé focal dfhior mo choirighthe : óir atá mo dhóigh ann do bhréithir.
43 Agus ná beir as mo bhéul focal na fírinne go hiomlán ; óir do fheith mé air do bhreitheamhnusaibhsi.
44 Agus coimhéadfad do dhligheadh a ccomhnuighe go brath agus choidhche.
45 Agus siubholad go fairsing : óir do lorgair mé haitheanta.
46 Agus laibheorad air thfíadhnuisighibhsi a lathair ríogh fós, agus ní bhíaidh náire orum.
47 Agus biáidh dúil agam féin ann haitheantaibh, noch do ghrádhuigh mé.
48 Agus tóigfid súas mo lámha fós chum haitheanta, noch do ghrádhuigh mé; agus do dhéanad smuáineadh ann do reachtaibh.

SAIN.
49 Cuimhnigh an bhriathar dot sheirbhíseach, noch ar a ttugais orum mo dhóthchús do chur.
50 Isé so mfurtacht ann manacair: óir do bhéoghaidh do bhríathar mé.
51 Do tharcuisnigheadar na huáibhrigh mé go hainmheasardha : ód dhligheadh níor chláon mé.
52 Do chuimhnigh mé do bhreitheamhnuis ón tseanaimsir, a THIGHEARNA; agus do mheisnigh mé mé féin.
53 Do ghabh an túathbhas greim dhíom ar son na gciontach noch do thréig do reacht.
54 Do bhádar do reachta na gcainticibh agam a ttigh moilithrighe.
55 Do chuimhnighios hainm, san noidhche, a THIGHEARNA, agus coimhéadfad do dhligheadh.
56 Fuáir mé so, do bhrígh gur choimhlíon mé do dhligheadh.

CHETH.
57 Is tusa mo chomhroinn, a THIGHEARNA: do gheall mé do bhríathar do choimhlíonadh.
58 Do ghuidh mé haghaidh rém uile chroidhe : déan trócaire orum do réir do bhréithre.
59 Do mheas mé mo shlighthe, agus do iompóigh mé mo chosa chum thfíaghnuiseadha.
60 Do rinne mé deithfir, agus ní dhéarnas faillighe haithéanta do choimhéad.
61 Do shladadar slúagh na gciontach mé : níor dhearmaid mé do dhligheadh.
62 Annsa meadhon oidhche éireochad dot mholadh do bhrígh breitheamhnus thfíréantachta.
63 Atáim am chompánach ag gach aon ar a bhfuil heagla, agus do lucht coimhéada haitheanta.
64 A THIGHEARNA, atá an talamh líonta dot thrócaire : teagaisg do reachda dhamh.

TETH.
65 Do rinne tú go maith led shearbhfhoghantuigh, a THIGHEARNA, do réir do bhréithre.
66 Teagaisg dhamh tuigse mhaith agus éolus : óir do chreid mé haitheanta.
67 Suil do bhuáidhreadh mé, do chuáidh mé ar seachrán : a nois coimhéaduim do bhríathra.
68 Is maith thú, agus do ní tú maith ; teagaisg do reachda dhamh.
69 Do chumadar na huáibhrigh bréag am aghaidh : ré croidhe iomlán coimhéadfa mé haitheanta.
70 Atá a gcroidhe ramhar mar mheathus ; atá mo dhúil ann do dhligheadh.
71 Is maith dhamhsa gur buáidhreadh mé ; ionnus go ndéan do reachtasa fhoghluim.
72 Is féarr dhamh dligheadh do bhéil ná na mílte dór agus dairgiod.

lOD.
73 Do rinneadar do lámha mé agus do chumadar mé : tabhair tuigsi dhamh, agus do dhéan haitheanta dfoghluim.
74 An dream ar a bhfuil heagla béid athgháireach a nuáir do chífid mé ; óir do bhí mo dhóigh ann thfocal.
75 As aithne dhamh, a THIGHEARNA, go bhfuilid do bhreitheamhnuis ceart, agus gur a bhfírinne do ghortuigh tú mé.
76 Bíodh, guidhim thú, do thrócaire dom mheisniughadh, do réir thfocail dot sheirbhíseach.
77 Tigeadh do thrócaire chineulta chugam, ionnus go mairfinn : óir isé do dhligheadh mo dhúil.
78 Cláoidhtear na huáibhrigh ; óir do rinneadar olc orum gan adhbhar : do dhéan smuáineadh ann haitheantaibhsi.
79 Iompoighthear chugamsa an drong air a bhfuil heaglasa, agus dar baithne thfiaghnuiseadha.
80 Biodh mo chroidhe diongmhálta ann do reachtaibh ; ionnus nach cclaóidhfíghear mé.

CAPH.
81 Atá manam ag meirtniughadh chum do shlánuighthe : do bhí mo dhóthchus ann do bhréithir.
82 Faillighid mo shúile tre do bhréithir, ag rádh, Cá húair dó bhéarair furtachd dhamh ?
83 Bíodh gur ba cosmhuil mé re buidéul annsa deatuigh ; níor dhearmaid mé do reachdasa.
84 Cá líon láethe do sheirbhísigh ? cá huáir bhéarair breitheamhnus a naghaidh na droinge ainleanas mé ?
85 Do thochladar na huáibhrigh puill am choinne, noch nach raibh do réir do dhlighesi.
86 Atáid haitheantasa uile fírinneach : ainleanad mé go héagcóir ; cuidighsi liom.
87 Is beag nar chnaóidheadar mé air an ttalamh ; níor thréig mé haitheantasa.
88 Béoghuidh mé do réir do thrócaire; agus coimhéadfa mé breitheamhnuis do bhéil.

LAMED.
89 Go síorruidhe, a THIGHEARNA, atá do bhríathar ar na dhaingniughadh annsna neamhuibh.
90 Go ginealach agus go ginealach atá thfírinne : do dhaingnigh tú an talamh, agus seasaidh sé.
91 Do réir hórduighthe seasuid a niugh : óir is seirbhísigh dhuit íad uile.
92 Muna bheith gur bé do dhligheadh mo ro thaitneamh, annsin do mheithfinn ann mo bhuáidhreadh.
93 Ní dhearmodfad go bráth haitheantasa : óir is léosin do bhéoghuidh tú mé.
94 Is leatsa mé, tárthuigh mé ; óir díarr mé haitheanta.
95 Do bhí an ciontach ag brath orum chum mo mhillte: measfa mé thfíadhnuiseadha.
96 Do nuile iomláine do chonnairc mé críochnughadh : acht atá haithnesi ro fhairsing.

MEM.
97 Cionnus ghrádhuighim do dhligheadh ! is é mo smuáineadh é air feadh an laói.
98 Do dhéana tú misi críonna ós cionn mo námhad red aitheantaibh : óir atáid agam a ccomhnuighe.
99 Tuigim ós cionn mo lucht teagaisg uile : oir is íad thfíaghnuiseadh mo smuáineadh.
100 Tuigim nios mó ná na sinnsir, do bhrígh gur choimhéad mé haitheantasa.
101 Do chonnuimh mé mo chos ó nuile dhroichshlighe, iondus go ccoimhéadfuinn thfocal.
102 Od bhreitheamhnusaibh níor dhealuigh mé : óir do theagaisg tú mé.
103 Cred é millse do ráidhte dom charbad ! ní is millsi ná mil dom bhéul !
104 Od aitheantaibh fuáir mé tuigse : uimesin fúathuighim uile shlighe na neimhfhírinne.

NUN.
105 As lóchrann dom chosaibh do bhríathar, agns solus dom chasánaibh.
106 Thug mé mo mhionna, agus coimhlionfad sin, breitheamhnuis thfíréantachda do chomhall.
107 Do bhí mé ar mo bhuáidhreadh go hiomarcach : béoghaidh mé, a THIGHEARNA, do réir thfocail.
108 Gabh uáim, íodhbartha sochroidheacha mo bhéil, guidhim thú, a THIGHEARNA, agus teagaisg dhamh do bhreitheamhnuis.
109 Atá manam ann mo láimh do ghnáth : acht níor dhearmaid mé do dhligheadhsa.
110 Do chuireadar na peacaidh paintéar am choinne : gidheadh ní dheachus ar seachrán ód aitheantaibhsi.
111 Do ghlac mé mar oighreacht thfíadhnuisese go bráth : óir is sólás dom chroidhe íad.
112 Do chláon mé mo chroidhe chum do reachta do dhéanamh go bráth.

SAMECH.
113 Fúathuighim smuáintighthe díomhaoine : acht grádhuighim do dhligheadhsa.
114 Is tusa mionad foluighthe agus mo scíath : do bhí mo dhóigh ann thfocal.
115 Imthighidh uáim, sibhsi a lucht déanta uilc : agus coimhéadfad aitheanta mo Dhé.
116 Connaimh súas mé do réir do bhréithre, agus mairfe me : agus ná náirigh mé fám dhóthchus.
117 Connuimh súas mé, agus biáidh mé a ndídean : agus biáidh mo dhúil ann do reachdaibh do ghnáth.
118 Do shaltair tú síos an mhéid do chuáidh a mugha ód reachdaibh : óir is neimhfhírinne an gangaid.
119 Teilgir uáit mar shalchar a bhfuil do pheacachuibh air an ttalamh : ar a nadhbharsin grádhuighim thfíadhnuiseadha.
120 Criothnuidh mfeoil ré heaglasa ; agus atá úamhan do bhreitheamhnuis orum.

AIN.
121 Do rinne mé ceart agus breitheamhnus : ná toirbhir mé do luchd mo sháruighthe.
122 Bí a nurrughus air do sheirbhíseach chum maitheasa : ná léig do nuáibhreach mo shárughadh.
123 Meathaid mo shúile ag feithiomh air do shlánughadh, agus air fhocal thfíréantachta.
124 Déan red sheirbhíseach do réir do thrócaire, agus múin dhamh do reachta.
125 Is misi do sheirbhíseach ; tabhair tuigsi dhamh, agus biaidh éolus air thfíadhnuisibh agam.
126 Is mithídh, a dhéanamh, a THIGHEARNA : do chuireadar do dhligheadh ar neimhní.
127 Uime sin is ionmhuin liom haitheanta ós cionn óir; agus ós cionn óir fhíorghlain.
128 Uimesin measuim haitheantasa uile ceart ; fúathuighim uile shlighe na neimhfirinne.

PE.
129 Atáid thfíaghnuiseadh ro iongantach : uime sin coimhéaduigh manam íad.
130 Do bheir dul a steach do bhríathar solus ; ag tabhairt tuigse don tsimplighe.
131 Dfoscail mé mo bheul, agus do chriothnuigh mé : óir do bhí mían haitheanta agam.
132 Feuch orum, agus déan trócaire orum, do réir do chleachtaidh don droing ler bionmhuin hainm.
133 Daingnidh mo choiscéime ann do bhréithir: agus ná léig durchóid ar bith úachtaránacht do bhreith orum.
134 Sáor mé ó shárughadh na ndaóine : agus coimhéadfa mé haitheanta.
135 Tabhair air haghaidh déalrughadh air do sheirbhíseach; agus teagaisg dhamh do reachta.
136 Silid srotha uisgeadh as mo shúilibh, do bhrígh nach ccoimhéadaid do dhligheadh.

TSADDI.
137 Is fíréunta thú, a THIGHEARNA, agus atáid do bhreitheamhnuis díreach.
138 Daithin tú thfíaghnuiseadh atáid fíréanta agus ro fhírinneach.
139 Do ghearr mo theas-ghrádh amach mé; do bhrígh gur dhéarmadar mo naimhde do bhríathra.
140 Do dhearbha do bhríatharsa go mór: agus is ionmhuin lead sheirbhíseach í.
141 Is beag misi agus is tarcuisneach : níor dhearmaid mé haitheantasa.
142 Is fíréantacht síorruidhe thfíréantachdsa, agus is fírinne do dhligheadh.
143 Tárlaigh anacair agus goimh chugam : is íad haitheanta máoibhneas.
144 Atá fíréantacht thfíaghnuiseadha go síorruidhe : tabhair tuigsi dhamh, agus mairfe mé.

COPH.
145 Eighim rem uile chroidhe ; cluin mé, a THIGHEARNA : coimhéadfa mé do reachta.
146 Eighim chugadsa ; tarthaidh me, agus coimhéadfad thfíadhnuiseadh.
147 Do mhoichéirghe mé theacht an laói, agus déighios : do bhi mo dhúil red fhocalsa.
148 Bíd mo shúile na ndúscadh a ttráthuibh na hoidhche, chum smuainiughadh ann do bhréithir.
149 Cluin mo ghuth do réir do thrócaire : a THIGHEARNA, do réir do bhreitheamhnuis béoghaidh mé.
150 Atáid ag teacht a bhfoghus noch leanas durchóid : atáid a bhfad ód dhligheadh.
151 Atá tusa a bhfogus, a THIGHEARNA; agus is fírinne haitheanta uile.
152 A ttáobh thfiadhnuiseadhsa, bá fios damh re fada gur shuighidh tú íad go síorruidhe.

RESH.
153 Dearc ar manacair, agus sáor mé : óir níor dhearmuid mé do dhligheadh.
154 Tagair mo chúis, agus sáor mé : do réir dó bhréithre béoghaidh mé.
155 As fada slánughadh ón gcoirighthe : óir ní íarruid do reachta.
156 Is líonmhar do thrócaire chineulta, a THIGHEARNA : béoghaidh mé do réir do bhreitheamhnuis.
157 Is líonmhar lucht mo bhuáidheartha agus measccáirde ; níor chláon mé ó thfiaghnuisibhsi.
158 Do chonnairc mé lucht an tsáruighthe, agus do bhí mé doilghiosach ; do bhrígh nár choimhéadadar thfocal.
159 Féuch gur bionmhuin liom haitheanta : a THIGHEARNA, do réir do thrócaire béoghaidh mé.
160 As fírinne tosach do bhreithre : agus biaidh huile bhreitheamhnuis fíréanta go síorruidhe.

SCHIN.
161 Do ainleanadar prionnsuidhe mé gan adhbhar : achd do bhí eagla air mo chroidhe red bhréithirsi.
162 Gáirdighim red fhocal, mar an té do gheibh móiréadail.
163 Fúathuighim agus bí gráin agam air bhréugaibh : is ionmhuin liom do dhlighéadh.
164 Moluim thú seacht nuáire san ló a ttaobh bhreitheamhnus thfíréantachda.
165 Atá síothchain mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa : agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.
166 Do bhí mo dhóigh ann do shlánughadh, a THIGHEARNA, agus do chomhaill mé haitheanta.
167 Do choimhéad manam thfíadhnuiseadh ; agus do ghrádhuigh sé íad go ro mhór.
168 Do choimhéad mé haitheanta agus thfíadhnuiseadha : óir atáid mo shlighthe uile ad lathairsi.

TAU.
169 Tigeadh méigheadh a ngar ad lathair, a THIGHEARNA : tabhair tuigsi dhamh do réir do bhréithre.
170 Tigeadh mo ghearán ós do choinne: do réir do bhréithre sáor mé.
171 Laibheoruidh mo bhéul moladh, mar mhúinfios tusa do reachta dhamh.
172 Freagoruidh mo theanga do bhríathar : óir is fíréantacht haitheanta uile.
173 Cuidigheadh do lámh riom; óir rug mé haitheanta do roghain.
174 Do bhí mían agam ad shlánughadh, a THIGHEARNA ; agus isé do dhligheadh maóibhneas.
175 Maireadh manam, agus molfa sé thusa ; agus cuidigheadh do bhreitheamhnus liom.
176 Do bhí mé ar seachrán mar chaóirigh ar ndul a múgha ; lorgair do sheirbhíseach; óir níor dhearmaid mé haitheantasa.