lundi, avril 22, 2013

Agallamh: Gearóid Denvir faoi "Dúil" le Liam Ó Flaithearta

ISBN 9781905560660
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht
     "Foilsíodh an cnuasach cáiliúil seo de chuid gearrscéalta Gaeilge Liam Uí Fhlaithearta den chéad uair i 1953 agus is é seo an t-aon bhailiúchán scéalta Gaeilge a tháinig uaidh. Tá scéalta an leabhair suite in iarthar na hÉireann agus tá cur síos fileata ann ar an tírdhreach agus léargas iontach ar charachtair na scéalta.
     Bhí na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall ar Dúil ag am a fhoilsithe diúltach go maith; deirtear gur chuir sé seo lagmhisneach ar an bhFlaitheartach agus gur sin an fáth nár scríobh sé i nGaeilge níos mó ina dhiaidh sin. Cuireadh athchló ar Dúil go minic thar na blianta, áfach, agus anois tá eagrán nua díreach foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht – rud a léiríonn go bhfuil léitheoirí na Gaeilge beann ar thuairimí diúltacha na gcriticeoirí i dtaobh an tsaothair."

Agallamh leis an Ollamh Gearóid Denvir faoi Dúil le Liam Ó Flaithearta

Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis an Ollamh Gearóid Denvir ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, faoin gcnuasach gearrscéalta iomráiteach Dúil, le Liam Ó Flaithearta, atá mar leabhar mhí Aibreáin ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. Is é Dúil an t-aon bhailiúchán scéalta Gaeilge de chuid Uí Fhlaithearta a foilsíodh riamh.

Gearóid Denvir ag léamh sleachta ó Dúil le Liam Ó Flaithearta.


Liam Ó Flaithearta (1896 - 1984)