Labhair Diarmuid Ó Mathúna, riarthóir ClubLeabhar.com, leis
an údar Liam Mac Cóil faoina úrscéal stairiúil An Litir, atá mar leabhar mhí
Feabhra ag an gclub leabhar Gaeilge ar líne. Bhí bealach iontach suimiúil ag
Liam le léiriú a dhéanamh ar an modh le leabhar eachtraíochta a scríobh.
Gaillimh, earrach na bliana 1612. Tá an chathair trí chéile ag ráflaí, brúidiúlacht, agus ansmacht; an tír ar fad faoi cheannas Shasana; agus Aodh Mór Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh. Leagtar cúram ar Lúcás Ó Briain - Gaillimheach óg a thabharfar as a chathair dhúchais ar aistear fada thar lear. Ach ar a shála tá an Sionnach, duine de na spiairí is glice agus is cruálaí atá ag an namhaid, agus orduithe aige stop a chur leis, ar ais nó ar éigean.
Seo é an chéad chuid de thriológ a thabharfaidh trasna na hEorpa muid i gcomhluadar Lúcáis Uí Bhriain i mblianta tosaigh an séú haois déag, agus naimhde brúidiúla sna sála orainn.

_______________________
Labhair Riarthóir ClubLeabhar.com, Diarmuid Ó Mathúna, leis
an údar agus iriseoir Liam Mac Cóil le déanaí agus bhí sé breá bríomhar agus é
ag déanamh cur síos ar An Prionsa Beag le hAntoine de Saint-Exupéry arna
aistriú go Gaeilge ag Breandán Ó Doibhlinn.