samedi, juillet 07, 2012

Tolkien: An HOBAD (as Gaeilge)

An HOBAD,
nó Anonn agus Ar Ais Arís
J.R.R. Tolkien a scríobh.
Nicholas Williams a d’aistrigh go Gaeilge
An chéad eagrán 2012.

  “I bpoll sa talamh a bhí cónaí ar hobad. Níor pholl gránna, salach, fliuch é, lán le giotaí de phéisteanna agus le boladh láibe. Níor pholl tirim, lom, gainmheach a bhí ann ach an oiread, gan aon rud ann le n-ithe ná le suí síos air; poll hobaid ab ea é agus is ionann sin agus compord.”

"Bhí gnaoi an phobail riamh leis an sárscéal fantasaíochta seo faoi hobad darb ainm Biolbó Baigín agus é á sciobadh chun siúil gan choinne ar eachtra fhada in éineacht le Gandalf Draoi agus le trí abhac déag. Is scéal An Hobad faoi thuras a dhéanann Biolbó i gcuideachta na n-abhac le teacht ar thaisce ór a bhfuil dragan i seilbh uirthi. In aghaidh a thola ar dtús a ghlacann Biolbó Baigín páirt sa tóraíocht chontúirteach, mar is hobad gan uaillmhian é, atá an-tugtha do chompord an tsaoil. I ndeireadh na dála, áfach, cuireann sé iontas air féin lena sheiftiúlacht agus lena scil amhail buirgléir. I measc eachtraí eile buaileann Biolbó le troill, le púcaí, le habhaic, le heilbh agus le damháin alla ollmhóra, déanann sé comhrá le Smóg Dragan, agus bíonn sé i láthair go han-drogallach ag Cath na gCúig Arm. Tá Biolbó Baigín le háireamh i measc laochra neamhbhásmhara litríocht na bpáistí. Is dá pháistí féin a scríobh an tOllamh Tolkien an scéal an chéad lá agus bhain an bunleagan Béarla cáil dhomhanda amach a thúisce is a foilsíodh é. Anois tá leagan Gaeilge le fáil den chéad uair riamh in aistriúchán den scoth leis an Ollamh Nicholas Williams. Feicfear sa leabhar na pictiúir agus na léirscáileanna uile a rinne an t-údar féin."

Evertype. ISBN 978-1-904808-90-9   

 5.0 out of 5 stars Tá an draíocht fós ann!
"Tá an draíocht fós ann! Aistriúchán den chéad scoth! Tá sé iontach a bheith in ann leagan Gaeilge den leabhar a scríobh an tOllamh Tolkien a leamh! Buíochas ó chroí do Nicholas Williams! N'fheadar an bhfuil muid chun "Tiarna na Fáinní" a fheiceail go luath?!' (Fengottar) 

Amazon.co.uk   Amazon.com   Litriocht.com