mardi, mars 20, 2012

Liam Mac Cóil: An Litir

"B'fhearr liom a bheith i m'fhile bacach agus mo theanga féin agam ná bheith ag brath ar theanga duine eile le mé a thabhairt ó áit go háit."
____________________________________________

_____________________________________________
     Gaillimh, Earrach na bliana 1612. Tá an chathair trí chéile ag ráflaí, brúidiúlacht, agus ansmacht. Tá an tír ar fad faoi cheannas Shasana, agus tá Aodh Mór Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh. Leagtar cúram ar Ghaillimheach óg, Lúcás Ó Briain - cúram rúnda a thabharfadh as a chathair dhúchais é ar aistear fada thar lear. Ach ar a shála tá an Sionnach, duine de na spiairí is glice agus is cruálaí atá ag an namhaid, agus orduithe aige stop a chur leis, ar ais nó ar éigean.
     Seo é an chéad chuid de thriológ a thabharfaidh trasna na hEorpa muid i gcomhluadar Lúcáis Uí Bhriain i mblianta tosaigh na 16ú hAoise, agus naimhde brúidiúla sna sála orainn.
_____________________________________________