lundi, janvier 22, 2018

Nuálaíocht Inbhuanaithe agus Oideachas Innealtóireachta le Fionnbarra Ó Brolcháin (An Roth - Cumann na nInnealtóirí)


EngineersIreland | Ajoutée le 25 oct. 2016
Nuálaíocht Inbhuanaithe agus Oideachas Innealtóireachta le Fionnbarra Ó Brolcháin
__________________________________

EngineersIreland | Ajoutée le 5 mai 2016
Crosfhocal as Gaeilge ar an sean-nós le Gearóid Ó Catháin
__________________________________

EngineersIreland | Ajoutée le 15 avr. 2016
Eolaíocht Sonraí: Céard í agus cén tairbhe atá le baint aisti don innealtóireacht? le Éanna Mac Con Iomaire, PHD
____________________________________

EngineersIreland | Ajoutée le 8 févr. 2016
Láthair Tástála na Mara le Diarmuid Ó Conchubhair
Ag 9 gcéad míle ciliméadar cearnaí, seasann achar mara na hÉireann ag 10 n-uaire chomh mór is a bhfuil achar na tíre. Tá ceann de na h-acmhainní nadúrtha is mó ar domhain againn maidir le fuinneamh in-athnuaite na mara. I Feabhra 2014 d’fhoilsigh Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha plean ó thaobh forbairt fuinnimh in-athnuaite na mara chun cuidiú leis an tír a cuid cumas a fhorbairt agus go mbéadh muid (mar thír) in ann fuinneamh glas in-athnuaite a aimsiú agus a asphortáil. Sula mbeidh muid in ann é seo a dhéanamh, ní foláir taighde agus forbairt ó scála beag, go dtí na h-aidhmeanna móra, agus a bhfuil leagtha amach, sa phlean ó thaobh forbairt fuinnimh in-athnuaite na mara.

 Sé an teideal atá againne ar an suíomh Tástála na Mara ná an “Marine and Renewable Energy Test Site”. Ta céadúnas ag Foras na Mara ar an suíomh (800m X 600m) le h-uirlisí na mara a thástáil, ní hé uirlisí fuinnimh na mara amháin a bhíonn i gceist anseo ach uirlisí taighde na mara chomh maith agus bíonn muid ag obair le go leor de na h-ollscoileanna thart timpeall na tíre chomh maith le comhlachtaí móra idirnáisiúnta a thógann úirlisí na mara. Cuireann SmartBay amach na huirlisí seo (ar data buoys) go dtí seo chun iad a thástáil ach amach anseo beidh muid ag úsáid an observatory nó ‘réadlann’ atá curtha amach ar ghrinneall na farraige againn i mí Lúnasa imbliana.

Tá an suíomh tástála suite leath-slí idir An Spidéal agus na Forbacha, timpeall ar 1.5 ciliméadar amach ón chósta agus ag doimhneacht (sonra cairte/chart datum) 23 méadar.

Tá Foras na Mara thar ceann ceadúnas an tsuímh ó 2006 agus sé SmartBay atá thar ceann an tsuímh ó 2012. Bhí dhá uirlis fuinneamh na mara ar an suíomh go dtí seo; ‘Wave Bob’ agus ceann ó chomhlacht eile ‘Ocean Energy Limited.’

Séard atá díreach críochnaithe againn faoi láthair ná uasghrádú ollmhór ar infrastruchtúr an tsuímh. Fuair Foras na Mara deóntas ó Fundúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) chun cábla a chur amach ó chéibh nua an Spidéil go dtí an suíomh.

Soláthraíonn an cábla cumhacht amach go dtí réadlann nó ‘node’ ar ghrinneall na farraige atá suite laistigh den suíomh. Chomh maith le cumhacht, soláthraíonn an cábla sonraí (data) ó uirlisí atá á dtástáil amuigh ar an suíomh, ar ais go dtí stáisiún ar an gcósta ag luas ard (toisc gur cábla snáthoptaice atá ann).

Ní amháin go mbeidh sé seo íontach le tástáil uirlisí fuinneamh na mara ach cuirfidh sé seo an tír chun tosaigh maidir le h-eolaíocht agus tástáil úirlisí na mara. Beidh ós cionn 10 bport nó plug fágtha ar an ‘node’ ar ghrinneall na farraige agus beidh said seo ar fáil le haghaidh tionscnimh taighde amháin.

Tá deóntas eile faighte ó Údaras Fuineamh Inmharthana na hÉireann (SEAI) chun SeaStation a sholáthair ar an suíomh chomh maith. Tá Foras na Mara, SmartBay agus Coláiste na hOllscoile Corcaigh ag obair le chéile chun an tionscnamh a chríochnú agus beidh SmartBay thar ceann an infrastruchtúir ar fad nuair atá sé tógtha agus i bhfeidhim.

An t-Aoichainteoir: Diarmuid Ó Conchubhair

Tá Diarmuid mar comhordaitheoir tionscadail le SmartBay Ireland. Tá sé freagrach as comhordú tionscadail aistritheacha ar nós comhoibriú le h-eagraíochta taighde, comhlachtaí, spásphleanáil na mara ar son an tsuímh taighde agus ceadúnais urthrá. Bhí Diarmuid ag obair le Foras na Mara sular thosaigh sé le SmartBay in 2013.

Beidh suim faoi leith ins an léacht seo ag líon mór innealtóirí sna h-earnálacha seo leanas: muir, imshaol, teicnneolaíocht agus taighde.
_____________________________

EngineersIreland | Ajoutée le 19 nov. 2014
Méarchlár Ríomhaireachta Dhátheangach Nua le Ciarán Ó Bréartúin
Tá a méarchlár ríomhaireachta féin ag beagnach gach tír san Eoraip. Bíonn gá leis, mar go hiondúil bíonn litreacha agus siombailí dá gcuid féin, dála Ø, Å, ¿, Ä agus mar sin de, ag na tíortha sin. Is eisceacht í Éire, ar ndóigh; bainimidne leas as an méarchlár Sasanach, fiú agus an Ghaeilge á scríobh againn. Ní mór dúinn a bheith inár “méarchleasaithe”: éiríonn linn trí mhéar a bhrú ag an am céanna leis an gcéad litir in ainm ár dtíre féin a scríobh, É. Níl sé éasca! Ach glacaimid go humhal leis.
________________________________